+92. Ba cheart go mbeadh beartais gnólachtaí infheistíochta inscne-neodrach. Áirítear anseo, ach níl …

92. Ba cheart go mbeadh beartais gnólachtaí infheistíochta inscne-neodrach. Áirítear anseo, ach níl …

Ba cheart go mbeadh beartais gnólachtaí infheistíochta inscne-neodrach. Áirítear anseo, ach níl teoranta do, luach saothair, beartais earcaíochta, pleananna forbartha gairme agus comharbais, rochtain ar oiliúint agus an cumas iarratas a dhéanamh ar fholúntais inmheánacha. Ba cheart d’institiúidí comhionannas deiseanna a áirithiú20 don fhoireann ar fad beag beann ar inscne, lena n-áirítear maidir le gnéithe gairme, agus ba cheart go mbeadh sé mar aidhm acu ionadaíocht na hinscne tearcionadaithe a fheabhsú i bpoist laistigh den chomhlacht bainistíochta agus sa ghrúpa foirne ag a bhfuil freagrachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (caighdeáin theicniúla rialála (RTS) maidir le comhaltaí foirne sainaitheanta). Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta faireachán a dhéanamh ar an treocht sa bhearna phá idir na hinscní. I gcás ina bhfuil 50 nó níos mó comhaltaí foirne ag gnólachtaí infheistíochta21 , ba cheart faireachán ar leithligh a dhéanamh ar chomhaltaí foirne sainaitheanta (gan comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a chur san áireamh), comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta, comhaltaí den chomhlacht bainistíochta san fheidhm mhaoirseachta agus comhaltaí foirne eile. Ba cheart go mbeadh beartais ag institiúidí a éascaíonn athimeascadh comhaltaí foirne i ndiaidh saoire mháithreachais, saoire atharthachta nó saoire tuismitheora.22


20 Féach freisin Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannas deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i ndáil le fostaíocht agus slí bheatha

21 Féach freisin Treoirlínte ÚBE maidir le beartais luacha saothair fhónta faoi Threoir (AE) 2019/2034

22 Féach freisin Treoirlínte ÚBE maidir le beartais luacha saothair fhónta faoi Threoir (AE) 2019/2034

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.