+4.3 Barántúlacht & sláine doiciméad
---+33. I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad …
---+34. I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais gnéithe chun faisnéis ó …
---+35. I gcásanna ina gceadaíonn an ghléas a úsáideann na cliaint chun a n-aitheantas a chruthú bailiú …
---+36. I gcás ina bhfuil siad ar fáil, le linn an phróisis fíorúcháin, ba cheart d’institiúidí …
---+37. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a leagan amach ina mbeartais agus a nósanna …
|
4.3 Barántúlacht & sláine doiciméad
4.3 Barántúlacht & sláine doiciméad
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
33. I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad …
|
I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad agus nach scrúdaíonn siad an bundoiciméad, ba cheart dóibh bearta a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil an atáirgeadh iontaofa. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais na nithe seo a leanas ar a laghad a fháil amach: - a) má áirítear leis an atáirgeadh gnéithe slándála atá leabaithe sa bhundoiciméad agus má tá sonraíochtaí an bhundoiciméid atá á atáirgeadh bailí agus inghlactha, go háirithe cineál, méid na gcarachtar agus struchtúr an doiciméid, trí iad a chur i gcomparáid le bunachair shonraí oifigiúla, ar nós PRADO7 ;
- b) cibé ar athraíodh sonraí pearsanta nó ar cuireadh isteach orthu ar shlí eile nó, i gcás inarb infheidhme, cibé ar athsholáthraíodh an pictiúr den chliant a bhí leabaithe sa doiciméad;
- c) cibé an leor sláine an algartaim a úsáideadh chun uimhir aitheantais uathúil an bhundoiciméid a ghiniúint, i gcás inar eisíodh an doiciméad oifigiúil le crios meaisín-inléite (MRZ);
- d) cibé an leor cáilíocht agus sainiú an atáirgthe a sholáthraítear le cinntiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha gan débhrí;
- e) nár taispeánadh an atáirgeadh a soláthraíodh ar scáileán bunaithe ar ghrianghraf nó scanadh den bhundoiciméad aitheantais.
7 https://www.consilium.europa.eu/prado/en/prado-start-page.html
|
|
34. I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais gnéithe chun faisnéis ó …
|
I gcás ina n-úsáideann institiúidí creidmheasa agus airgeadais gnéithe chun faisnéis ó dhoiciméid a léamh go huathoibríoch, amhail algartaim um Aithint Optúil Carachtair (OCR) nó fíoruithe Crios Inléite ag Meaisín (MRZ), ba cheart dóibh na bearta is gá a dhéanamh chun a chinntú go ngabhfaidh na huirlisí sin faisnéis ar bhealach cruinn agus comhsheasmhach.
|
|
35. I gcásanna ina gceadaíonn an ghléas a úsáideann na cliaint chun a n-aitheantas a chruthú bailiú …
|
I gcásanna ina gceadaíonn an ghléas a úsáideann na cliaint chun a n-aitheantas a chruthú bailiú sonraí ábhartha, mar shampla toisc go bhfuil na sonraí i slis cárta aitheantais náisiúnta, agus go bhfuil sé indéanta go teicniúil do na hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais rochtain a fháil ar na sonraí sin, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais smaoineamh ar an bhfaisnéis seo a úsáid chun a comhsheasmhacht leis an bhfaisnéis a fhaightear trí fhoinsí eile a fhíorú, amhail na sonraí arna gcur isteach nó doiciméid eile arna gcur isteach ag an gcliant.
|
|
36. I gcás ina bhfuil siad ar fáil, le linn an phróisis fíorúcháin, ba cheart d’institiúidí …
|
I gcás ina bhfuil siad ar fáil, le linn an phróisis fíorúcháin, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais na gnéithe slándála atá leabaithe sa doiciméad oifigiúil, más ann dóibh, amhail holagramanna, a fhíorú mar chruthúnas ar a mbarántúlacht.
|
|
37. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a leagan amach ina mbeartais agus a nósanna …
|
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a leagan amach ina mbeartais agus a nósanna imeachta conas a dhéanfaidh siad a n-iarrataí ar dhoiciméadú a choigeartú chun críocha an chuimsithe airgeadais. I gcás ina nglactar le foirmeacha doiciméadaithe atá níos laige nó foirmeacha neamhthraidisiúnta mar thoradh air sin, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais, i dteannta na mbearta a leagtar amach i mír 4.10 de Threoirlínte ÚBE um Fhachtóirí Riosca, rialuithe nó idirghabháil mhéadaithe dhaonna a dhéanamh chun iad féin a shásamh go dtuigeann siad an riosca ML/TF a bhaineann leis an gcaidreamh gnó.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|