+33. I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad …

33. I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad …

I gcás ina nglacann institiúidí creidmheasa agus airgeadais le hatáirgeadh de bhundoiciméad agus nach scrúdaíonn siad an bundoiciméad, ba cheart dóibh bearta a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil an atáirgeadh iontaofa. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais na nithe seo a leanas ar a laghad a fháil amach:

  • a) má áirítear leis an atáirgeadh gnéithe slándála atá leabaithe sa bhundoiciméad agus má tá sonraíochtaí an bhundoiciméid atá á atáirgeadh bailí agus inghlactha, go háirithe cineál, méid na gcarachtar agus struchtúr an doiciméid, trí iad a chur i gcomparáid le bunachair shonraí oifigiúla, ar nós PRADO7 ;
  • b) cibé ar athraíodh sonraí pearsanta nó ar cuireadh isteach orthu ar shlí eile nó, i gcás inarb infheidhme, cibé ar athsholáthraíodh an pictiúr den chliant a bhí leabaithe sa doiciméad;
  • c) cibé an leor sláine an algartaim a úsáideadh chun uimhir aitheantais uathúil an bhundoiciméid a ghiniúint, i gcás inar eisíodh an doiciméad oifigiúil le crios meaisín-inléite (MRZ);
  • d) cibé an leor cáilíocht agus sainiú an atáirgthe a sholáthraítear le cinntiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha gan débhrí;
  • e) nár taispeánadh an atáirgeadh a soláthraíodh ar scáileán bunaithe ar ghrianghraf nó scanadh den bhundoiciméad aitheantais.

7 https://www.consilium.europa.eu/prado/en/prado-start-page.html

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.