+47. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe …
|
47. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe …
Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna agus SSCSInna na fachtóirí riosca a chinneadh bunaithe orthu sin a leagtar amach i dTreoirlínte ÚBE maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF, chomh maith le fachtóirí riosca ábhartha óna measúnú riosca uile-ghnó, agus an measúnú riosca earnála nó náisiúnta a mhéid atá sé sin ar fáil. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas ar a laghad sna fachtóirí riosca: - a) aistrithe a sháraíonn tairseach luacha réamhshainithe agus meánluach na n aistrithe a phróiseálann siad go rialta agus cad is aistriú neamhghnách mór ann á gcur san áireamh, bunaithe ar a samhail ghnó ar leith; ‑
- b) aistrithe, i gcás ina bhfuil an t-íocóir, an tionscnóir, an t-íocaí, an tairbhí, SSI an íocóra, SSI an tionscnóra, SSI an íocaí nó SSI an tairbhí lonnaithe i dtíortha nó i gcríocha atá faoi réir bearta sriantacha lena n áirítear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, nó i dtíortha nó i gcríocha lena mbaineann ardriosca go dtiocfar timpeall ar bhearta sriantacha nó smachtbhannaí ‑ airgeadais spriocdhírithe;
- c) aistrithe ina bhfuil an t-íocóir, an tionscnóir, an t-íocaí, an tairbhí, SSI an íocóra, SSI an tionscnóra, SSI an íocaí nó SSI an tairbhí bunaithe i dtír a bhfuil ardriosca ML/TF ag baint léi, lena n áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
- i) tíortha ‑ a shainaithin an Coimisiún Eorpach mar thíortha ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849; agus
- ii) tíortha a bhfuil ceanglais AML/CFT acu, ar bhonn foinsí inchreidte amhail meastóireachtaí, meastóireachtaí frithpháirteacha, tuarascálacha measúnaithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, ar ceanglais iad nach bhfuil comhsheasmhach le Treoir (AE) 2015/849 ná le Moltaí FATF agus tíortha nár chuir na ceanglais sin chun feidhme go héifeachtach;
- d) aistrithe i gcás ina bhfuil SSI an íocóra, SSCS an tionscnóra, SSII, SSII, SSI an íocaí nó SSCS an tairbhí lonnaithe i dtír nár chuir chun feidhme go fóill, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, an oibleagáid faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a fháil, a choinneáil agus a tharchur agus ríomhaistrithe agus aistrithe sócmhainní fíorúla á ndéanamh;
- e) aistrithe le heintitis atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil córais cheadúnúcháin aici nó nach rialaíonn gníomhaíocht SSI i gcás aistrithe cistí agus gníomhaíochtaí SSCS i gcás aistrithe cripteashócmhainní;
- f) aistrithe le seoltaí féinóstáilte;
- g) aistrithe ó chuntais, seoltaí nó tiachóga, nó chuig cuntais, seoltaí nó tiachóga, arb eol go bhfuil siad nasctha le gníomhaíocht amhrasach;
- h) taifead diúltach comhlíontachta AML/CFT ar SSI, SSII, SSCS nó SSCSI roimhe seo sa slabhra aistrithe, bunaithe ar fhaisnéis phoiblí;
- i) aistrithe ó SSI, SSII, SSCS nó SSCSI a shainaithnítear arís agus arís eile mar theip orthu an fhaisnéis is gá a sholáthar gan cúis chuí, nó ó SSI, SSII, SSCS nó SSCSI arbh eol roimhe seo gur theip orthu an fhaisnéis is gá a sholáthar roinnt uaireanta gan cúis mhaith, fiú murar theip orthu arís agus arís eile é sin a dhéanamh;
- j) teicnící eile a úsáid chun srathú idirbheart a dhéanamh lena gcuirtear bac ar rianú cripteashócmhainní tríd an gconair ar ais chuig an tionscnóir a cheilt, lena n áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: ‑
- i) cistí agus cripteashócmhainní a fuarthas agus a aistríodh tuilleadh go tapa, agus ar an gcaoi sin an slabhra aistrithe a leathnú go saorga;
- ii) teicnící, táirgí nó seirbhísí a fheabhsaíonn anaithnideacht, lena n áirítear meascthóirí nó rothlóirí, anaithnideoirí Prótacail Idirlín (IP) agus seoltaí faoi choim, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. ‑
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|