+66. Ba cheart d'údaráis inniúla an anailís a chomhlánú trí anailís réamhbhreathnaitheach a dhéanamh …

66. Ba cheart d'údaráis inniúla an anailís a chomhlánú trí anailís réamhbhreathnaitheach a dhéanamh …

Ba cheart d'údaráis inniúla an anailís a chomhlánú trí anailís réamhbhreathnaitheach a dhéanamh (cainníochtúil agus cáilíochtúil araon) ar réamh-mheastacháin airgeadais agus ar phlean straitéiseach na hinstitiúide chun na boinn tuisceana agus na spleáchais bhunúsacha, an inchreidteacht agus an rioscacht a bhaineann lena straitéis ghnó a thuiscint. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas seo i réimsí anailíse arna ndéanamh ag údaráis inniúla:

  • a. straitéis fhoriomlán agus tiomántóirí ratha, trí mheasúnú a dhéanamh ar na príomhchuspóirí bainistíochta cainníochtúla agus cáilíochtúla agus ar an bhearna idir an tsamhail ghnó atá beartaithe – i ndiaidh a cur i gcrích – agus an tsamhail reatha;
  • b. feidhmíocht airgeadais réamh-mheasta, trí mheasúnú a dhéanamh ar inchreidteacht agus comhsheasmhacht na dtoimhdí a dhéanann an institiúid a spreagann a straitéis agus a réamhaisnéisí;
  • c. cumas forghníomhaithe, trí mheasúnú a dhéanamh ar theist na bainistíochta maidir le straitéisí agus réamhaisnéisí a bhí ann roimhe seo a chur i gcrích, chomh maith le cumas foriomlán na hinstitiúide úsáid a bhaint as buntáistí iomaíocha agus as tiomántóirí ratha agus a gnó á chur i gcrích agus torthaí a ghiniúint ar bhealach éifeachtach. Mar chuid den mheastóireacht seo, ba cheart d'údaráis inniúla na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
  • i. leordhóthanacht an chreata leithdháilte costais - i dtaca le leordhóthanacht chun brabúsacht línte/aonad gnó a léiriú;
  • ii. an creat praghsála aistrithe cistí – i dtaca le cinneadh leordhóthanach a dhéanamh ar chomhpháirt an ghlanioncaim do gach líne/aonad gnó, táirge agus custaiméir;
  • iii. an creat praghsála iasachta – i dtaca le rialachas leordhóthanach ar an bpróiseas praghsála iasachta, modheolaíocht praghsála, breithniú iomchuí ar na comhpháirteanna praghsála iasachta go léir, agus faireachán agus tuairisciú brabúsachta ex post ar chinntí praghsála táirgí;
  • iv. an creat comhroinnte ioncaim idir institiúidí atá bunaithe san Aontas agus atá mar chuid de ghrúpaí tríú tír, agus eintitis eile den ghrúpa sin atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus nach bhfuil comhdhlúite ag máthairghnóthais AE – maidir le comhroinnt chothrom P&L idir eintitis nó línte gnó a ghlacann páirt i dtimthriall saoil na n-idirbheart, agus maidir leis an rialachas cuí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.