+4.3. Measúnú ar stóinseacht BMA agus leochaileachtaí a shainaithint
---+64. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cainníochtúla de shamhail ghnó …
---+65. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cáilíochtúla de shamhail ghnó reatha …
---+66. Ba cheart d'údaráis inniúla an anailís a chomhlánú trí anailís réamhbhreathnaitheach a dhéanamh …
---+67. San anailís, ba cheart d’údaráis inniúla aon chomharthaí go bhfuil an tsamhail ghnó agus a …
|
4.3. Measúnú ar stóinseacht BMA agus leochaileachtaí a shainaithint
4.3. Measúnú ar stóinseacht BMA agus leochaileachtaí a shainaithint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
64. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cainníochtúla de shamhail ghnó …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cainníochtúla de shamhail ghnó reatha na hinstitiúide chun measúnú a dhéanamh ar a cumas brabúis inghlactha a ghiniúint sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, i bhfianaise fonn riosca na hinstitiúide agus a struchtúir chistiúcháin agus chaipitil. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas seo i réimsí anailíse arna ndéanamh ag údaráis inniúla: - a. tiomántóirí brabúsachta, lena n-áirítear treochtaí, trí mheasúnú a dhéanamh ar ghnéithe bunúsacha de chumas tuillimh na hinstitiúide, tar éis míreanna eisceachta agus aonuaire, miondealú ar shruthanna ioncaim, miondealú ar chostais agus ar leithdháileadh costas, forálacha lagaithe agus cóimheasa tábhachtacha (e.g. glanchorrlach úis, costas/ioncam, lagú iasachta, agus costas riosca). Is féidir an measúnú seo a chomhlánú le hanailís ar na méadrachtaí brabúsachta riosca-choigeartaithe ábhartha (e.g. Toradh ar Chaipiteal Leithroinnte – ROAC, nó an Toradh Riosca-choigeartaithe ar Chaipiteal - RAROC), nuair a bhíonn siad seo ar fáil agus nuair a mheastar go bhfuil siad iontaofa;
- b. an clár comhardaithe, lena n-áirítear treochtaí, trí mheasúnú a dhéanamh ar an meascán sócmhainní agus dliteanas, ar an struchtúr cistiúcháin, ar an athrú ar TREA agus ar chistí dílse, agus ar phríomhchóimheasa (e.g. toradh ar chothromas/sócmhainní, Gnáthchothromas Leibhéal 1, bearna mhaoinithe), chomh maith le comhchruinnithe sa chuntas brabúis agus cailltenais agus sa chlár comhardaithe a bhaineann le custaiméirí, earnálacha agus geografaíochtaí;
- c. inghlacthacht riosca agus leibhéil lamháltais, trí mheasúnú a dhéanamh ar na teorainneacha foirmiúla atá curtha i bhfeidhm ag an institiúid de réir chineál an riosca agus ar a gcomhlíonadh, chun tuiscint a fháil ar na rioscaí a bhfuil an institiúid toilteanach iad a ghlacadh chun a feidhmíocht airgeadais a thiomáint agus chun athléimneacht oibríochtúil a chinntiú. Ba cheart go gclúdódh sé seo freisin an lamháltas tionchair do chur isteach ar ICT.
|
|
65. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cáilíochtúla de shamhail ghnó reatha …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar ghnéithe cáilíochtúla de shamhail ghnó reatha na hinstitiúide chun a tiomántóirí ratha agus a príomhspleáchais a thuiscint. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas seo i réimsí anailíse arna ndéanamh ag údaráis inniúla: - a. an timpeallacht ghnó, trí mheasúnú a dhéanamh ar an timpeallacht réamhbhreathnaitheach ina n-oibríonn an institiúid bunaithe ar a príomh-neamhchosaintí geografacha agus gnó nó ar a neamhchosaintí ábhartha geografacha agus gnó. Mar chuid den mheasúnú seo, ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint a fhorbairt ar na príomhathróga maicreacnamaíocha, treochtaí margaidh, an tírdhreach iomaíoch agus forbairtí ábhartha eile (amhail athruithe rialála agus dlíthiúla);
- b. príomh-spleáchais inmheánacha agus seachtracha, trí mheasúnú a dhéanamh ar na príomhfhachtóirí eisginiúla agus inghiniúla a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar rath na samhla gnó, agus córais rialachais agus socruithe rialaithe inmheánaigh ghaolmhara á gcur san áireamh;
- c. saincheadúnas agus réimsí buntáiste iomaíoch, trí mheasúnú a dhéanamh ar chlú na hinstitiúide agus ar neart an chaidrimh le custaiméirí, le soláthraithe agus le comhpháirtithe, chomh maith le cibé acu atá nó nach bhfuil réimsí ann ina bhfuil buntáiste iomaíoch ag an institiúid ar a comhghleacaithe;
- d. tacaíocht teicneolaíochta agus faisnéise cumarsáide, trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal agus ar leordhóthanacht an ailínithe idir an TFC agus an gnó i dtéarmaí straitéise, cuspóirí, gníomhaíochtaí, acmhainní agus feidhmeanna, agus trí bhreithniú a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh tionchar a bheith ag ábhair imní maidir le TFC ar straitéis agus ar chuspóirí gnó na hinstitiúide.
|
|
66. Ba cheart d'údaráis inniúla an anailís a chomhlánú trí anailís réamhbhreathnaitheach a dhéanamh …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla an anailís a chomhlánú trí anailís réamhbhreathnaitheach a dhéanamh (cainníochtúil agus cáilíochtúil araon) ar réamh-mheastacháin airgeadais agus ar phlean straitéiseach na hinstitiúide chun na boinn tuisceana agus na spleáchais bhunúsacha, an inchreidteacht agus an rioscacht a bhaineann lena straitéis ghnó a thuiscint. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas seo i réimsí anailíse arna ndéanamh ag údaráis inniúla: - a. straitéis fhoriomlán agus tiomántóirí ratha, trí mheasúnú a dhéanamh ar na príomhchuspóirí bainistíochta cainníochtúla agus cáilíochtúla agus ar an bhearna idir an tsamhail ghnó atá beartaithe – i ndiaidh a cur i gcrích – agus an tsamhail reatha;
- b. feidhmíocht airgeadais réamh-mheasta, trí mheasúnú a dhéanamh ar inchreidteacht agus comhsheasmhacht na dtoimhdí a dhéanann an institiúid a spreagann a straitéis agus a réamhaisnéisí;
- c. cumas forghníomhaithe, trí mheasúnú a dhéanamh ar theist na bainistíochta maidir le straitéisí agus réamhaisnéisí a bhí ann roimhe seo a chur i gcrích, chomh maith le cumas foriomlán na hinstitiúide úsáid a bhaint as buntáistí iomaíocha agus as tiomántóirí ratha agus a gnó á chur i gcrích agus torthaí a ghiniúint ar bhealach éifeachtach. Mar chuid den mheastóireacht seo, ba cheart d'údaráis inniúla na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
- i. leordhóthanacht an chreata leithdháilte costais - i dtaca le leordhóthanacht chun brabúsacht línte/aonad gnó a léiriú;
- ii. an creat praghsála aistrithe cistí – i dtaca le cinneadh leordhóthanach a dhéanamh ar chomhpháirt an ghlanioncaim do gach líne/aonad gnó, táirge agus custaiméir;
- iii. an creat praghsála iasachta – i dtaca le rialachas leordhóthanach ar an bpróiseas praghsála iasachta, modheolaíocht praghsála, breithniú iomchuí ar na comhpháirteanna praghsála iasachta go léir, agus faireachán agus tuairisciú brabúsachta ex post ar chinntí praghsála táirgí;
- iv. an creat comhroinnte ioncaim idir institiúidí atá bunaithe san Aontas agus atá mar chuid de ghrúpaí tríú tír, agus eintitis eile den ghrúpa sin atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus nach bhfuil comhdhlúite ag máthairghnóthais AE – maidir le comhroinnt chothrom P&L idir eintitis nó línte gnó a ghlacann páirt i dtimthriall saoil na n-idirbheart, agus maidir leis an rialachas cuí.
|
|
67. San anailís, ba cheart d’údaráis inniúla aon chomharthaí go bhfuil an tsamhail ghnó agus a …
|
San anailís, ba cheart d’údaráis inniúla aon chomharthaí go bhfuil an tsamhail ghnó agus a gníomhaíochtaí mar bhonn le rioscaí méadaithe ML/TF a bhreithniú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí criptea-airgeadra nó glacadh taiscí nó bunú nó úsáid eintitis dhlíthiúla i dtríú tíortha ardriosca, mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849. I gcás inarb ann dóibh, ba cheart cur leis na tásca sin trí úsáid a bhaint as anailís chainníochtúil, de réir mar is iomchuí, agus díriú go háirithe ar ábharthacht an ioncaim agus ar an ioncam ó oibríochtaí a reáchtáiltear i dtríú tíortha ardriosca den sórt sin, comhchruinnithe na neamhchosaintí ar chustaiméirí a gcuireann an institiúid dícheall cuí feabhsaithe do chustaiméirí i bhfeidhm i ndáil leo mar atá leagtha amach i gCaibidil II, Rannóg 3 de Threoir 2015/849. Ba cheart d'údaráis inniúla faisnéis a mhalartú leis an maoirseoir AML/CFT maidir leis na tásca sin mar atá leagtha amach i mír 5963.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|