+80. I gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide, ba cheart …
|
80. I gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide, ba cheart …
I gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, inter alia, ar na nithe seo a leanas: - a. cibé acu atá nó nach bhfuil struchtúr dlíthiúil, eagraíochtúil agus oibríochtúil na hinstitiúide (‘bíodh do struchtúr ar eolas agat’) agus na rioscaí a bhaineann léi ar eolas ag an gcomhlacht bainistíochta agus cibé acu an dtuigeann nó nach dtuigeann siad iad, lena n-áirítear maoirseacht iomchuí;
- b. i gcás inarb infheidhme, cibé acu an dtuigeann nó nach dtuigeann comhlacht bainistíochta na hinstitiúide comhdhlúthaithe modh eagraithe an ghrúpa agus róil na n-eintiteas éagsúil, agus na naisc agus na caidrimh eatarthu;
- c. cibé acu atá nó nach bhfuil tuiscint chuí ag an gcomhlacht bainistíochta i dteannta a chéile ar shamhail ghnó agus ar ghníomhaíochtaí na hinstitiúide, agus an mbíonn nó nach mbíonn sé cothrom le dáta maidir le heolas agus scileanna leordhóthanacha i ndáil le rioscaí ábhartha, lena n-áirítear rioscaí TFC, rioscaí ESG agus rioscaí eile atá ag teacht chun cinn, trí oiliúint rialta;
- d. cibé acu atá nó nach bhfuil beartas ag an institiúid chun éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn laistigh den chomhlacht bainistíochta agus cibé an ndéantar nó nach ndéantar measúnú rialta orthu sin, lena n-áirítear cothromaíocht inscne, agus cibé an dtacaíonn nó nach dtacaíonn comhdhéanamh, feidhmiú agus pleanáil chomharbais an bhoird bainistíochta le cinnteoireacht éifeachtach agus cibé an léiríonn nó nach léiríonn siad cuspóirí éagsúlachta agus ionchuimsithe na hinstitiúide;
- e. cibé an idirghníomhaíonn nó nach n-idirghníomhaíonn comhaltaí an chomhlachta bainistíochta go héifeachtach, lena n-áirítear idir a fheidhmeanna bainistíochta agus maoirseachta;
- f. cibé an ngníomhaíonn nó nach ngníomhaíonn gach comhalta den chomhlacht bainistíochta go neamhspleách, agus an gcoinníonn nó nach gcoinníonn sé/sí gealltanas ama leordhóthanach agus ccibé an gcuirtear nó nach gcuirtear ar an eolas é/í go hiomchuí faoi staid riosca na hinstitiúide;
- g. cibé acu atá nó nach bhfuil coistí riosca, iniúchóireachta, ainmniúcháin agus luach saothair bunaithe agus an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, i gcás inarb infheidhme, agus cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na coistí seo a gcúraimí mar atá forordaithe ag an gcreat dlíthiúil agus rialála is infheidhme.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|