+6.5. Measúnú ar riosca ráta úis agus ar riosca raon difríochta creidmheasa a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála
---+245. Agus riosca ráta úis bunúsach a eascraíonn as suíomhanna íogaire ó thaobh ráta úis de i …
---+246. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar IRRBB, lena n-áirítear fáltais do na …
---+247. Ba cheart d'údaráis inniúla ábharthacht agus tábhacht na bhfochatagóirí seo ar a laghad a …
---+248. Ba cheart measúnú ar IRRBB a idirdhealú ó mheasúnú ar CSRBB, ar cheart d'údaráis inniúla é a …
---+249. Bunaithe ar an measúnú foriomlán ar riosca bunúsach IRRBB agus ar an mbainistiú riosca agus ar …
---+250. Trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal dúchasach IRRBB, ba cheart d’údaráis inniúla na …
---+251. D’fhonn raon feidhme an mheasúnaithe ar IRRBB a chinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla na …
---+252. Ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar thuairim shoiléir ar conas is féidir le hathruithe ar …
---+253. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar struchtúr agus ar shaintréithe …
---+254. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis fálaithe …
---+255. Ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt freisin ar aon chomhchruinnithe (e.g. sna punanna …
---+256. Agus anailís á déanamh ar an tionchar ar thuilleamh institiúide, ba cheart go mbeadh a fhios …
---+257. Agus anailís á déanamh acu ar an tionchar ar luach eacnamaíoch agus tuilleamh na hinstitiúide …
---+258. Nuair a shainaithnítear an institiúid mar eisceacht sa tástáil mhaoirseachta ar eisceachtaí …
---+259. Ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar íogaireacht sreafaí airgid thirim d’athruithe …
---+260. Chomh maith leis an triail asluiteach maoirseachta a shonraítear in Airteagal 98(5) de Threoir …
---+261. Ina measúnú cainníochtúil, ba cheart d'údaráis inniúla freisin torthaí mhodheolaíochtaí …
---+262. Agus anailís á déanamh acu ar thorthaí thionchar na dtástálacha maoirseachta asluiteacha agus …
---+263. Ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla measúnú agus aird a thabhairt ar thorthaí na …
---+264. Más rud é, nuair a dhéantar athbhreithniú ar thorthaí chásanna turrainge na hinstitiúide agus …
---+265. Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca ráta úis na hinstitiúide sa leabhar …
---+266. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil straitéis IRRBB atá slán …
---+267. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil iomchuí …
---+268. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus nósanna …
---+269. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat iomchuí ag an …
---+270. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bhreithniú cibé an gcumasaíonn nó nach gcumasaíonn na …
---+271. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chur chuige na hinstitiúide maidir le …
---+272. Ba cheart d'údaráis inniúla a bhreithniú cibé acu an an gcuireann nó nach gcuireann córais …
---+273. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat faireacháin agus …
---+274. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe láidir …
---+275. Trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal bunúsach IRRBB, ba cheart go dtuigfeadh údaráis inniúla na …
---+276. D’fhonn raon feidhme an mheasúnaithe ar CSRBB a chinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla, ar …
---+277. Ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar thuairim shoiléir ar conas is féidir le hathruithe ar …
---+278. Agus anailís á déanamh acu ar an tionchar ar thuilleamh na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis …
---+279. Ba cheart d'údaráis inniúla torthaí mhodheolaíochtaí na hinstitiúide chun CSRBB a thomhas a …
---+280. Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca ráta úis na hinstitiúide sa leabhar …
---+281. Ba cheart go n-áireofaí na nithe seo a leanas in athbhreithniú ar rialachas na hinstitiúide …
---+282. Maidir le measúnú na réimsí seo, ba cheart d'údaráis inniúla féachaint ar rannán 6.5.2.2 …
---+283. Agus an imlíne de shócmhainní agus de dhliteanais a chlúdaítear le measúnú an CSRBB á …
---+284. Chun anailís a dhéanamh ar mheasúnú na hinstitiúide ar an CSRBB, ba cheart d'údaráis inniúla …
---+285. Ba cheart d'údaráis inniúla a fhíorú go ndéantar díolúine ar an scaipeadh idiosincrannach i …
---+286. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat iomchuí ag an …
---+287. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear san áireamh i gcórais …
---+288. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat faireacháin agus …
---+289. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú an bhfuil creat rialaithe láidir cuimsitheach ag an …
---+290. Tar éis na measúnuithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le IRRBB …
---+291. Léirítear sa tábla thíos liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta a fhéadfaidh …

6.5. Measúnú ar riosca ráta úis agus ar riosca raon difríochta creidmheasa a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála

6.5.1. Breithniúcháin ghinearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
245. Agus riosca ráta úis bunúsach a eascraíonn as suíomhanna íogaire ó thaobh ráta úis de i …

Agus riosca ráta úis bunúsach a eascraíonn as suíomhanna íogaire ó thaobh ráta úis de i ngníomhaíochtaí neamhtrádála ar agus lasmuigh den clhár comhardaithe (ar a dtugtar riosca ráta úis sa leabhar neamhtrádála, nó IRRBB) agus riosca raoin difríochta creidmheasa a eascraíonn as suíomhanna sa leabhar neamhtrádála (ar a dtugtar CSRBB) agus leordhóthanacht an chreata rialaithe inmheánaigh á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar na gníomhartha dlí a fhoilsítear ar leithligh ar shuíomh gréasáin an ÚBE, mar a dtagraítear dóibh i mír 12, a bheith á gcomhlíonadh.

246. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar IRRBB, lena n-áirítear fáltais do na …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar IRRBB, lena n-áirítear fáltais do na seasaimh seo, beag beann ar a n-aitheantas agus a dtomhas, agus beag beann ar aitheantas agus tomhas caillteanas agus gnóthachan, chun críocha cuntasaíochta.

247. Ba cheart d'údaráis inniúla ábharthacht agus tábhacht na bhfochatagóirí seo ar a laghad a …

Ba cheart d'údaráis inniúla ábharthacht agus tábhacht na bhfochatagóirí39 seo ar a laghad a bhreithniú agus IRRBB á measúnú acu: riosca bearna, riosca boinn agus riosca rogha.


39 Féach Iarscríbhinn IV le haghaidh miondealú neamh-uileghabhálach ar fhochatagóirí IRRBB.

248. Ba cheart measúnú ar IRRBB a idirdhealú ó mheasúnú ar CSRBB, ar cheart d'údaráis inniúla é a …

Ba cheart measúnú ar IRRBB a idirdhealú ó mheasúnú ar CSRBB, ar cheart d'údaráis inniúla é a dhéanamh freisin i gcomhréir le mír 6.5.3. Go háirithe, ba cheart d’údaráis inniúla cibé an ndéanann nó nach ndéanann córais inmheánacha na n‑institiúidí measúnú agus faireachán leordhóthanach ar an riosca ó CSRBB ó thaobh luach eacnamaíoch agus glanioncam úis (lena n‑áirítear athruithe ar luach an mhargaidh) agus an sainíonn siad CSRBB go hiomchuí agus an gcinneann siad a raon feidhme40 a chur san áireamh .


40 Agus breithniú á dhéanamh freisin ar an treoir in ÚBE/2022/14.

249. Bunaithe ar an measúnú foriomlán ar riosca bunúsach IRRBB agus ar an mbainistiú riosca agus ar …

Bunaithe ar an measúnú foriomlán ar riosca bunúsach IRRBB agus ar an mbainistiú riosca agus ar na rialuithe riosca le haghaidh IRRBB agus CSRBB, ba cheart d’údaráis inniúla tuairim a thabhairt ar IRRBB agus ar CSRBB a mbeadh comhscór mar thoradh air agus úsáid á baint as na critéir a leagtar amach i dtábla 12. Ba cheart go léireofaí toradh an mheasúnaithe ar gach riosca aonair in achoimre ar na torthaí agus i míniú ar na príomhchúiseanna riosca.

6.5.2. IRRBB

6.5.2.1. Measúnú ar an IRRBB bunúsach

250. Trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal dúchasach IRRBB, ba cheart d’údaráis inniúla na …

Trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal dúchasach IRRBB, ba cheart d’údaráis inniúla na príomhchúiseanna le risíocht IRRBB na hinstitiúide a chinneadh agus tionchar stuamachta ionchasach an riosca sin ar an institiúid a mheas.

Réamh-mheasúnú

251. D’fhonn raon feidhme an mheasúnaithe ar IRRBB a chinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla na …

D’fhonn raon feidhme an mheasúnaithe ar IRRBB a chinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla na foinsí IRRBB a bhfuil nó a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint ar dtús. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart d’údaráis inniúla leas a bhaint as an eolas a fuarthas ó fhaisnéis ICAAP agus ILAAP a bailíodh chun críocha SREP, ó thuairisciú arna bhunú ar IRRBB, ó mheasúnú ar ghnéithe eile SREP, ó sheasamh na hinstitiúide a chur i gcomparáid le seasamh a piaraí agus ó aon gníomhaíochtaí maoirseachta eile. Mar chuid de seo, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar rialachas na hinstitiúide maidir le riosca ráta úis, lena n-áirítear a príomhstraitéis IRRBB agus a hinghlacthacht riosca i ndáil le IRRBB, agus an leibhéal caipitil inmheánaigh atá leithroinnte ag an institiúid do IRRBB.

Cineál agus comhdhéanamh phróifíl riosca ráta úis na hinstitiúide

252. Ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar thuairim shoiléir ar conas is féidir le hathruithe ar …

Ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar thuairim shoiléir ar conas is féidir le hathruithe ar rátaí úis drochthionchar a bheith acu ar ghlanioncam úis institiúide (agus, i gcás inarb ábhartha, ar a tuilleamh) agus ar a luach eacnamaíoch (luach láithreach na sreafaí airgid a bhfuiltear ag súil leo) chun radharc gearrthéarmach agus fadtéármach a fháil ar an mbagairt a d’fhéadfadh a bheith ann do leordhóthanacht caipitil.

253. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar struchtúr agus ar shaintréithe …

Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla anailís a dhéanamh ar struchtúr agus ar shaintréithe sócmhainní, dliteanas agus neamhchosaint lasmuigh de chlár comhardaithe na hinstitiúide, agus tuairim shoiléir a fháil ina leith, lena n-áirítear a n-íogaireacht d'athruithe ar rátaí úis, ar théarmaí agus ar dhátaí athphraghsála, agus an cion de tháirgí agus de shuíomhanna a bhfuil a dtéarmaí éiginnte (e.g. le roghanna ionsuite nó le gnéithe réamhíocaíochta) agus aon toimhdí iompraíochta gaolmhara.

254. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis fálaithe …

Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis fálaithe na hinstitiúide agus ar a mhéid a d'fhéadfaí fálú nádúrtha a chur i bhfeidhm (agus stóinseacht samhaltú aibíochtaí athphraghsála le haghaidh míreanna a bhfuil aibíocht neamhshainithe acu á gcur san áireamh freisin), méid na ndíorthach a úsáidtear chun críocha fálaithe agus an bhféadfaidh na díorthaigh íogaireacht in EVE, NII nó méadrachtaí eile a úsáideann an institiúid go hinmheánach a mhaolú.

255. Ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt freisin ar aon chomhchruinnithe (e.g. sna punanna …

Ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt freisin ar aon chomhchruinnithe (e.g. sna punanna iasachtaí nó bannaí) maidir le hathphraghsáil aibíochta, nó i dtáirgí le roghnaíocht uathoibríoch nó iompraíoch, neamhchosaintí neamhthuillmheacha, agus ar nádúr IRRBB atá leabaithe in uirlisí cothromais, lena n-áirítear uirlisí ar leachtacht níos lú amhail sócmhainní agus dliteanais leibhéal 3.

256. Agus anailís á déanamh ar an tionchar ar thuilleamh institiúide, ba cheart go mbeadh a fhios …

Agus anailís á déanamh ar an tionchar ar thuilleamh institiúide, ba cheart go mbeadh a fhios ag údaráis inniúla cén méid de thorthaí na hinstitiúide a bhraitheann ar shuíomhanna atá íogair do rátaí úis, agus ba cheart dóibh a chinneadh cén tionchar a bheadh ag athruithe éagsúla ar rátaí úis ar ghlanioncam úis na hinstitiúide, chomh maith le héifeachtaí na n-athruithe ar mhargadhluach ionstraimí a chinneadh – cibé a dtaispeántar nó nach dtaispeántar iad sa chuntas brabúis agus caillteanais (P&L) nó go díreach i gcothromas (e.g. trí ioncam cuimsitheach eile).

257. Agus anailís á déanamh acu ar an tionchar ar luach eacnamaíoch agus tuilleamh na hinstitiúide …

Agus anailís á déanamh acu ar an tionchar ar luach eacnamaíoch agus tuilleamh na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis inniúla torthaí na dtástálacha maoirseachta asluiteacha a shonraítear in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE agus a shonraítear tuilleadh sa rialachán tarmligthe a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE. 98(5a) den Treoir sin a bhreithniú ar dtús, chun, tagarmharc tosaigh a fháil chun comparáid a dhéanamh idir é agus an tionchar a bheadh ag athruithe ar rátaí úis ar an institiúid. Agus an measúnú seo á dhéanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar íogaireacht na sreafaí airgid i leith athphraghsála, i dtéarmaí a dtráthúlacht agus a méid, agus i leith athruithe ar na príomhthoimhdí bunúsacha (go háirithe i gcás cuntais chustaiméirí gan dátaí athphraghsála sonracha, cuntais chustaiméirí ina bhfuil roghnaíocht an chustaiméara leabaithe iontu agus/nó caipiteal cothromais).

258. Nuair a shainaithnítear an institiúid mar eisceacht sa tástáil mhaoirseachta ar eisceachtaí …

Nuair a shainaithnítear an institiúid mar eisceacht sa tástáil mhaoirseachta ar eisceachtaí maidir le hioncam glan úis, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar ghnéithe breise a anailísiú chun cur leis an measúnú, nuair a mheastar go bhfuil sé sin oiriúnach (e.g. i bhfianaise shamhail ghnó na hinstitiúide). D'fhéadfadh athruithe ar luach margaidh na n-ionstraimí luacha chothroma, meastóireacht ar na réamh-mheastacháin NII is measa i gcomparáid leis an NII atá réadaithe faoi láthair agus i gcomparáid le costais riaracháin/foriolchostais agus glanchoimisiúin/glantáillí chun caillteanais/gnóthachain leabaithe a ghabháil de bharr athruithe atá feicthe sna rátaí úis agus i ndálaí an mhargaidh a bheith ar ghnéithe eile arbh fhiú iad a bhreithniú.

259. Ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar íogaireacht sreafaí airgid thirim d’athruithe …

Ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar íogaireacht sreafaí airgid thirim d’athruithe ar luacháil ionstraimí luacha chóir sa leabhar neamhthrádála, lena n-áirítear díorthaigh ráta úis a úsáidtear chun ionstraimí leabhair neamhthrádála a fhálú (e.g. tionchar athruithe marcála ón margadh ar ionstraimí luacha chóir ar P&L, éifeachtacht cuntas fálaithe).

260. Chomh maith leis an triail asluiteach maoirseachta a shonraítear in Airteagal 98(5) de Threoir …

Chomh maith leis an triail asluiteach maoirseachta a shonraítear in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE agus a shonraítear tuilleadh i Rialachán Tarmligthe Airteagal 2024/856, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúidí cásanna turrainge ráta úis eile a chur san áireamh.

261. Ina measúnú cainníochtúil, ba cheart d'údaráis inniúla freisin torthaí mhodheolaíochtaí …

Ina measúnú cainníochtúil, ba cheart d'údaráis inniúla freisin torthaí mhodheolaíochtaí inmheánacha nó caighdeánaithe na hinstitiúide chun IRRBB a thomhas a chur san áireamh, agus ina measc sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin, i gcás na n-institiúidí sin a oibríonn in airgeadraí éagsúla, ar an tionchar ar na tomhais luacha eacnamaíoch agus tuillimh a thagann ó airgeadraí éagsúla agus, i gcás ina gcuirtear modheolaíocht inmheánach i bhfeidhm, ar na cur chuige a úsáideann na hinstitiúidí chun na hairgeadraí seo a chomhiomlánú. Trí anailís a dhéanamh ar na modheolaíochtaí sin, ba cheart go bhfaigheadh údaráis inniúla tuiscint níos doimhne ar na príomhfhachtóirí riosca is bonn do phróifíl IRRBB na hinstitiúide.

262. Agus anailís á déanamh acu ar thorthaí thionchar na dtástálacha maoirseachta asluiteacha agus …

Agus anailís á déanamh acu ar thorthaí thionchar na dtástálacha maoirseachta asluiteacha agus ar mhodheolaíochtaí inmheánacha nó chaighdeánaithe na hinstitiúide, ba cheart d'údaráis inniúla figiúirí an 'tráth ama' chomh maith le treochtaí stairiúla a bhreithniú. Ba cheart na rátaí sin a chur i gcomparáid le piaraí agus iad a bhreithniú i gcomhthéacs staid an mhargaidh dhomhanda.

Cásanna turrainge agus tástáil struis

263. Ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla measúnú agus aird a thabhairt ar thorthaí na …

Ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla measúnú agus aird a thabhairt ar thorthaí na gcásanna turrainge ráta úis agus na dtástálacha struis a rinne an institiúid mar chuid dá próiseas bainistíochta inmheánach leanúnach. Sa chomhthéacs seo, ba cheart d'údaráis inniúla a bheith ar an eolas faoi na príomhfhoinsí de IRRBB na hinstitiúide agus go háirithe faoin éifeacht a bhíonn ag athruithe ar thuairimí iompraíochta, mar shampla maidir le NMD.

264. Más rud é, nuair a dhéantar athbhreithniú ar thorthaí chásanna turrainge na hinstitiúide agus …

Más rud é, nuair a dhéantar athbhreithniú ar thorthaí chásanna turrainge na hinstitiúide agus ar thástálacha struis, go nochtar nó go bhfuil amhras ann faoi carnadh ar leith athluachála/aibíochta ag pointí éagsúla den chuar, is féidir go mbeidh ar na húdaráis inniúla anailísí breise a dhéanamh.

6.5.2.2 Measúnú ar chreat bainistíochta agus rialaithe IRRBB

265. Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca ráta úis na hinstitiúide sa leabhar …

Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca ráta úis na hinstitiúide sa leabhar neamhthrádála, ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachas agus ar an gcreat is bun lena neamhchosaintí ar rátaí úis.

Straitéis agus inghlacthacht IRRBB

266. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil straitéis IRRBB atá slán …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil straitéis IRRBB atá slán, foirmithe agus doiciméadaithe go soiléir, arna formheas ag an gcomhlacht bainistíochta, ag an institiúid. I gcomhair an mheasúnaithe seo, ba cheart d'údaráis inniúla, i measc fachtóirí eile, ról an chomhlachta bainistíochta maidir le straitéis agus inghlacthacht IRRBB a leagan síos, a cheadú agus a athbhreithniú, cur i bhfeidhm cuí na straitéise seo ag an ardbhainistíocht, chomh maith lena hoiriúnacht don institiúid i bhfianaise a samhla gnó, a timpeallacht mhargaidh agus a ról sa chóras airgeadais, agus leordhóthanacht caipitil a chur san áireamh.

Creat rialaithe eagraíochtúil agus inmheánach

267. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil iomchuí …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil iomchuí ag an institiúid agus cibé an bhfuil freagrachtaí sannta go soiléir maidir le feidhmeanna bainistíochta, tomhais, faireacháin agus rialaithe IRRBB le hacmhainní leordhóthanacha daonna agus teicniúla. Maidir leis an measúnú seo, ba cheart d'údaráis inniúla aird a thabhairt ar leordhóthanacht na línte freagrachta maidir le bainistíocht fhoriomlán IRRBB, agus maidir le IRRBB a ghlacadh, faireachán a dhéanamh air, é a rialú agus a thuairisciú, lena n-áirítear neamhspleáchas limistéar rialaithe IRRBB.

268. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus nósanna …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus nósanna imeachta atá sainmhínithe go soiléir agus atá comhsheasmhach lena straitéis agus lena hinghlacthacht IRRBB ag an institiúid chun IRRBB a bhainistiú. Ba cheart na beartais a chur ar bhonn foirmiúil go soiléir agus a chur in iúl agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na hinstitiúide, agus ar fud na ngrúpaí baincéireachta freisin. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go sainmhínítear i mbeartais na nósanna imeachta maidir le forbairt táirgí nua, mórfhálú nó tionscnaimh bainistíochta riosca, lena n-áirithítear go bhfuil siad seo faoi réir nósanna imeachta agus rialuithe leordhóthanacha sula ndéantar iad agus go bhfuil anailís déanta ag an institiúid ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar a próifíl riosca fhoriomlán.

269. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat iomchuí ag an …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat iomchuí ag an institiúid chun IRRBB a shainaithint, a mheas, a bhainistiú agus a mhaolú, i gcomhréir le leibhéal, castacht agus riosca na suíomhanna neamhthrádála agus méid agus castacht na hinstitiúide. Ba cheart go gcuimseofaí sa mheasúnú samhlacha inmheánacha, amhail samhlacha a bhaineann le hiompar custaiméirí (e.g. samhlacha cobhsaíochta taiscí agus luath-aisíoc iasachtaí). Sa mheasúnú seo, ba cheart d'údaráis inniúla a mheas cibé acu an dtuigeann nó nach dtuigeann bainisteoirí riosca agus ardbhainistíocht na hinstitiúide na toimhdí atá mar bhunús leis na córais tomhais, agus an bhfuil siad ar an eolas faoin leibhéal riosca samhla atá i gceist i dteicnící tomhais riosca na hinstitiúide.

270. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bhreithniú cibé an gcumasaíonn nó nach gcumasaíonn na …

Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bhreithniú cibé an gcumasaíonn nó nach gcumasaíonn na córais faisnéise agus na teicnící tomhais don bhainistíocht an IRRBB dúchasach a thomhas i ngach ceann dá neamhchosaintí ábhartha uile ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh de (i gcás inarb ábhartha ar leibhéal an ghrúpa), lena n-áirítear fálta inmheánacha, i gcomhchruinnithe in aibíochtaí agus contrapháirtithe, sa phunann leabhar neamhthrádála. Ba cheart go ndéanfaí athbhreithnithe agus meastóireachtaí rialta ar chreat an IRRBB maidir le héifeachtacht an chreata. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithnithe agus meastóireachtaí inmheánacha a chur i gcomparáid le faisnéis ó COREP.

271. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chur chuige na hinstitiúide maidir le …

Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chur chuige na hinstitiúide maidir le hiompraíocht taiscí neamhaibíochta (NMDanna) a shamhaltú, lena n-áirítear cibé acu an gcuirtear nó nach gcuirtear san áireamh leis sin fachtóirí riosca ábhartha a mbíonn tionchar acu ar iompar athphraghsála NMD. Ba cheart d'údaráis inniúla uirlisí anailíseacha cuí a úsáid maidir leis an measúnú seo, agus aird á tabhairt ar shamhail ghnó na hinstitiúide. I measc na gcur chuige a d'fhéadfadh a bheith ábhartha, tá measúnú ar an gcaoi a ndéanann an institiúid miondealú ar NMDanna trí úsáid a bhaint as fachtóirí riosca a bhaineann le próifíl an chustaiméara, na hinstitiúide nó an mhargaidh, agus tagarmharcáil le piaraí a bhfuil próifíl riosca den sórt céanna acu. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla an tslí a ndéanann an institiúid sonraí stairiúla a chothromú le cineálacha cur chuige réamhbhreathnaitheacha agus le breithiúnas saineolaithe a bhreithniu, agus athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar ar NII agus EVE dá ndéanfaí toimhdí iompraíochta a choigeartú.

272. Ba cheart d'údaráis inniúla a bhreithniú cibé acu an an gcuireann nó nach gcuireann córais …

Ba cheart d'údaráis inniúla a bhreithniú cibé acu an an gcuireann nó nach gcuireann córais tomhais riosca na hinstitiúide gach cineál riosca ráta úis ábhartha a bhfuil an institiúid neamhchosanta air (e.g. riosca bearna, riosca boinn agus riosca rogha) san áireamh. Ba cheart an IMS a chalabrú i gceart, a bhailíochtú go neamhspleách, a chúl-tástáil agus a athbhreithniú go tráthrialta. Ba cheart d’údaráis inniúla cibé acu atá nó nach bhfuil doiciméadacht ag tacú le IMS san áireamh, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht IRRBB atá ina chuid dhílis den tsamhail ghnó agus de ghníomhaíochtaí na hinstitiúide.

273. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat faireacháin agus …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat faireacháin agus tuairiscithe inmheánaigh iomchuí ag an institiúid le haghaidh IRRBB lena n-áirithítear go ngníomhaítear go pras ar leibhéal iomchuí ardbhainistíochta nó chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide, i gcás inar gá sin. Ba cheart táscairí sonracha agus truicir ábhartha a áireamh sa chóras faireacháin chun foláirimh luathrabhaidh éifeachtacha a sholáthar (e.g. i gcás sáruithe ar theorainneacha IRRBB). Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh cibé acu an dtuairiscíonn nó nach dtuairiscíonn an limistéar bainistíochta agus rialaithe torthaí an fhaireacháin go rialta don chomhlacht bainistíochta agus don ardbhainistíocht, le minicíocht iomchuí ag brath ar scála, ar chastacht agus ar leibhéal neamhchosaintí IRRBB.

274. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe láidir …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe láidir cuimsitheach ag an institiúid agus cosaintí fónta chun a neamhchosaintí ar IRRBB a mhaolú i gcomhréir lena straitéis bainistithe riosca agus lena hinghlacthacht riosca, lena n-áirítear córas cuí teorainneacha ar an dá bheart IRRBB. Ba cheart go n-áireofaí san fheidhm rialaithe inmheánaí gach eintiteas comhdhlúite, gach suíomh geografach agus gach gníomhaíocht airgeadais. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fheidhmiúlacht na feidhme iniúchóireachta inmheánaí, lena n-áirítear cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar a chuid athbhreithniú minic go leor agus an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn siad príomhghnéithe chreat an IRRBB.

6.5.3. CSRBB

6.5.3.1. Measúnú ar CSRBB bunúsach

275. Trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal bunúsach IRRBB, ba cheart go dtuigfeadh údaráis inniúla na …

Trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal bunúsach IRRBB, ba cheart go dtuigfeadh údaráis inniúla na príomhchúiseanna le neamhchosaint na hinstitiúide ar CSRBB agus tionchar stuamachta ionchasach an riosca sin ar an institiúid a mheas.

276. D’fhonn raon feidhme an mheasúnaithe ar CSRBB a chinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla, ar …

D’fhonn raon feidhme an mheasúnaithe ar CSRBB a chinneadh, ba cheart d’údaráis inniúla, ar dtús, na foinsí CSRBB a bhfuil nó a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint agus cibé acu atá nó nach bhfuil athruithe suntasacha ann. Mar chuid de sin, ba cheart d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar rialachas na hinstitiúide maidir le riosca raoin difríochta creidmheasa, lena n‑áirítear a straitéis CSRBB agus a hinghlacthacht riosca i ndáil le CSRBB, agus láimhseáil CSRBB laistigh de chomhthéacs ICAAP.

277. Ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar thuairim shoiléir ar conas is féidir le hathruithe ar …

Ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar thuairim shoiléir ar conas is féidir le hathruithe ar raoin difríochta creidmheasa drochthionchar a bheith acu ar ghlanioncam úis institiúide (agus, i gcás inarb ábhartha, ar a tuilleamh) agus ar a luach eacnamaíoch chun radharc gearrthéarmach agus fadtéarmach a fháil ar an mbagairt a d’fhéadfadh a bheith ann do leordhóthanacht caipitil. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla an cur chuige a chuir an institiúid i bhfeidhm a mheas chun léargas soiléir a fháil ar struchtúr agus ar shaintréithe shócmhainní, dhliteanais agus neamhchosaintí na hinstitiúide lasmuigh den chlár comhardaithe, agus ar an gcaoi a stiúrann siad seo leibhéal agus treo CSRBB.

278. Agus anailís á déanamh acu ar an tionchar ar thuilleamh na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis …

Agus anailís á déanamh acu ar an tionchar ar thuilleamh na hinstitiúide, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thionchar na suíomhanna atá íogair ó thaobh raon difríochta creidmheasa ar thoradh na hinstitiúide, ar thionchar na n-athruithe i raonta difríochta creidmheasa ar ghlanioncam úis na hinstitiúide, agus ar éifeachtaí athruithe ar mhargadhluach ionstraimí – ag brath ar chóireáil cuntais – léirithe sa chuntas brabúis agus caillteanais (P&L) nó go díreach i gcothromas (e.g. trí ioncam cuimsitheach eile).

279. Ba cheart d'údaráis inniúla torthaí mhodheolaíochtaí na hinstitiúide chun CSRBB a thomhas a …

Ba cheart d'údaráis inniúla torthaí mhodheolaíochtaí na hinstitiúide chun CSRBB a thomhas a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí. Trí anailís a dhéanamh ar na modheolaíochtaí sin, ba cheart go bhfaigheadh údaráis inniúla tuiscint níos doimhne ar na príomhfhachtóirí riosca is bonn do phróifíl CSRBB na hinstitiúide. 6.5.3.2. Measúnú ar chreat bainistíochta agus rialaithe CSRBB

280. Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca ráta úis na hinstitiúide sa leabhar …

Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar phróifíl riosca ráta úis na hinstitiúide sa leabhar neamhthrádála, ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachas agus ar an gcreat is bun lena neamhchosaintí ar rátaí úis.

281. Ba cheart go n-áireofaí na nithe seo a leanas in athbhreithniú ar rialachas na hinstitiúide …

Ba cheart go n-áireofaí na nithe seo a leanas in athbhreithniú ar rialachas na hinstitiúide maidir le CSRBB:

  • a. straitéis riosca CSRBB agus inghlacthachta na hinstitiúide;
  • b. creat eagraíochtúil na hinstitiúide agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí maidir le feidhmeanna bainistíochta, tomhais, faireacháin agus rialaithe CSRBB;
  • c. beartais agus nósanna imeachta na hinstitiúide maidir le bainistiú CSRBB.
282. Maidir le measúnú na réimsí seo, ba cheart d'údaráis inniúla féachaint ar rannán 6.5.2.2 …

Maidir le measúnú na réimsí seo, ba cheart d'údaráis inniúla féachaint ar rannán 6.5.2.2 maidir le measúnú chreat bainistíochta agus rialaithe an IRRBB, agus na prionsabail atá ann a bheith infheidhme freisin maidir le measúnú bhainistíocht an CSRBB.

283. Agus an imlíne de shócmhainní agus de dhliteanais a chlúdaítear le measúnú an CSRBB á …

Agus an imlíne de shócmhainní agus de dhliteanais a chlúdaítear le measúnú an CSRBB á hanailísiú, mar a mheastar freisin laistigh de mhodheolaíochtaí na hinstitiúide, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar aon eisiúint fhéideartha d'ionstraimí ón imlíne ábhartha i bhfianaise easpa íogaireachta i leith riosca raoin difríochta creidmheasa amháin agus an bhfuil sí doiciméadaithe agus údaraithe go cuí, mar a cheanglaítear i mír 124 de Threoirlínte an ÚBE maidir le IRRBB agus CSRBB41 . I measc na bhfachtóirí atá le cur san áireamh, tá:

  • a. cibé acu a áiríonn nó nach n-áiríonn an institiúid na sócmhainní agus na dliteanais go léir a chuirtear san áireamh ag luach cóir;
  • b. cibé acu an áirítear nó nach n-áirítear san institiúid na sócmhainní agus na dliteanais uile ar féidir a riosca raoin difríochta creidmheasa a dhíorthú ó phraghas margaidh díreach/indíreach nó fiú ó phraghas margaidh samhalta, beag beann ar an gcaoi a gcaitear leo ó thaobh na cuntasaíochta de;
  • c. an ábharthacht fhéideartha a bhaineann le raoin difríochta creidmheasa i gcás chleachtas praghsála na hinstitiúide i gcás sócmhainní/dliteanas éagsúil (mar shampla trí thagairtí sainráite do phraghsanna margaidh a breathnaíodh nó trí ábharthacht níos indírí);
  • d. difríochtaí, más ann dóibh, a chuireann an institiúid i bhfeidhm idir an imlíne do EVE agus NII i dtomhais CSRBB (e.g. de bharr thréimhse ama NII nó ar chúiseanna eile).

41 Treoirlínte arna n-eisiúint ar bhonn Airteagal 84 (6) den Treoir 2013/36/AE a shonraíonn critéir chun na rioscaí a eascraíonn as athruithe féideartha ar rátaí úis a aithint, a mheas, a bhainistiú agus a mhaolú, agus chun riosca raoin difríochta creidmheasa a mheas agus faireachán a dhéanamh air, i gcás ghníomhaíochtaí leabhar neamhtrádála na n-institiúidí (ÚBE/GL/2022/14).

284. Chun anailís a dhéanamh ar mheasúnú na hinstitiúide ar an CSRBB, ba cheart d'údaráis inniúla …

Chun anailís a dhéanamh ar mheasúnú na hinstitiúide ar an CSRBB, ba cheart d'údaráis inniúla, i gcás inarbh fhiú, breithniú a dhéanamh ar na cásanna turrainge atá á mbreithniú ag an institiúid, agus ar an gcaoi agus an fáth a bhféadfadh na turraingí a bheith difriúil idir míreanna den chlár comhardaithe.

285. Ba cheart d'údaráis inniúla a fhíorú go ndéantar díolúine ar an scaipeadh idiosincrannach i …

Ba cheart d'údaráis inniúla a fhíorú go ndéantar díolúine ar an scaipeadh idiosincrannach i dtomhais CSRBB na hinstitiúide, nó go gcuirtear san áireamh é, ar chúiseanna comhréireachta amháin agus beag beann ar aicmiú SREP na hinstitiúide, fad is a chinntítear go dtáirgfidh na bearta torthaí níos coimeádaí.

286. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat iomchuí ag an …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat iomchuí ag an institiúid chun CSRBB a shainaithint, a mheas, a bhainistiú agus a mhaolú, i gcomhréir le leibhéal, castacht agus riosca na suíomhanna neamhthrádála agus méid agus castacht na hinstitiúide. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bhreithniú cibé an gcumasaíonn nó nach gcumasaíonn na córais faisnéise agus na teicnící tomhais don bhainistíocht an CSRBB dúchasach a thomhas i ngach ceann dá neamhchosaintí ábhartha ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh de (i gcás inarb ábhartha ar leibhéal an ghrúpa), sa phunann leabhar neamhthrádála. Ba cheart go ndéanfaí athbhreithnithe agus meastóireachtaí rialta ar éifeachtacht chreat an CSRBB. Sa chomhthéacs seo, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar athbhreithniú ar thoimhdí suntasacha tomhais ar a laghad go bliantúil agus níos minice le linn coinníollacha margaidh atá ag athrú go tapa.

287. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear san áireamh i gcórais …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear san áireamh i gcórais tomhais inmheánacha (IMS) na hinstitiúide gach foinse CSRBB atá ábhartha do shamhail ghnó na hinstitiúide. Ba cheart an IMS a chalabrú i gceart, a bhailíochtú go neamhspleách, a chúl-tástáil agus a athbhreithniú go tráthrialta. Ba cheart d’údaráis inniúla cibé acu atá nó nach bhfuil doiciméadacht ag tacú le IMS san áireamh, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht IRRBB atá ina chuid dhílis den tsamhail ghnó agus de ghníomhaíochtaí na hinstitiúide.

288. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat faireacháin agus …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat faireacháin agus tuairiscithe inmheánaigh iomchuí ag an institiúid le haghaidh IRRBB lena n-áirithítear go ngníomhaítear go pras ar leibhéal iomchuí ardbhainistíochta nó chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide, i gcás inar gá sin. Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh cibé acu an dtuairiscíonn nó nach dtuairiscíonn an limistéar bainistíochta agus rialaithe torthaí an fhaireacháin go rialta don chomhlacht bainistíochta agus don ardbhainistíocht, le minicíocht iomchuí ag brath ar scála, ar chastacht agus ar leibhéal neamhchosaintí ar CSRBB.

289. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú an bhfuil creat rialaithe láidir cuimsitheach ag an …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú an bhfuil creat rialaithe láidir cuimsitheach ag an institiúid agus cosaintí fónta chun a neamhchosaintí ar CSRBB a mhaolú i gcomhréir lena straitéis bainistithe riosca agus lena hinghlacthacht riosca. Ba cheart go n-áireofaí san fheidhm rialaithe inmheánaí gach eintiteas comhdhlúite, gach suíomh geografach agus gach gníomhaíocht airgeadais. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fheidhmiúlacht na feidhme iniúchóireachta inmheánaí, lena n-áirítear cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar a chuid athbhreithniú minic go leor agus an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn siad príomhghnéithe chreat an IRRBB. 6.5.4. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta

290. Tar éis na measúnuithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le IRRBB …

Tar éis na measúnuithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le IRRBB agus CSRBB na hinstitiúide. Ba cheart go mbeadh eolas maidir leis an tuairim seo le fáil in achoimre ar thorthaí, mar aon le scór riosca bunaithe ar na breithniúcháin atá sonraithe i dTábla 12. Más rud é, bunaithe ar ábharthacht fochatagóirí riosca áirithe, go gcinneann an t-údarás inniúil iad a mheasúnú agus a scóráil ina n-aonar, ba cheart an treoir a thugtar sa tábla seo a chur i bhfeidhm, a mhéid is féidir, de réir analaí.

Tábla 12. Breithnithe maoirseachta maidir le scór IRRBB agus CSRBB a shannadh Scór Tuairim Breithniúcháin maidir le riosca Breithniúcháin maidir le bainistíocht riosca mhaoirseachta bunúsach agus rialuithe leordhóthanacha Maidir le IRRBB: Maidir le IRRBB agus CSRBB:

Tá riosca íseal  Tá íogaireacht an luacha  ann go mbeidh eacnamaíoch i leith athruithe ar tionchar rátaí úis neamhábhartha/an-suntasach íseal. 1 stuamachta an féachaint leibhéal riosca institiúid do an ag ar   Tá athruithe neamhábhartha/an-íseal. Tá íogaireacht íogaireacht ar an tuillimh an rátaí luacha i leith úis Tá comhsheasmhacht idir beartas agus straitéis riosca na hinstitiúide maidir le riosca ráta úis agus riosca raoin difríochta creidmheasa, a fhoriomlán. Tá an creat hinghlacthacht eagraíochtúil agus a straitéis maidir riosca agus le
bhunúsaigh eacnamaíoch agus an tuillimh i agus don leith athruithe ar na toimhdí bhainistíocht bunúsacha (e.g. i gcás táirgí a agus do na bhfuil roghnaíocht an rialuithe. chustaiméara leabaithe acu) neamhábhartha/an-íseal.riosca rátaí úis agus rioscaí raoin difríochta creidmheasa láidir agus tá freagrachtaí soiléire ann agus deighilt shoiléir idir cúraimí glacadóirí riosca agus feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe.
Tá riosca Maidir le IRRBB:  meánach-íseal ann tionchar suntasach stuamachta go mbeidh ar   Tá eacnamaíoch úis Tá íseal íogaireacht íogaireacht go meánach. d'athruithe tuillimh an ar i luacha rátaí leith Tá córais oiriúnacha ann chun an riosca difríochta thomhas, orthu Tá agus ráta teorainneacha faireachán úis iad agus creidmheasa a thuairisciú. an a riosca dhéanamh beartais raoin a
an institiúid ag athruithe ar rátaí úis íseal go 2 féachaint do meánach. leibhéal an  Tá íogaireacht an luacha riosca eacnamaíoch agus an tuillimh i bhunúsaigh leith athruithe ar na toimhdí agus don bunúsacha (e.g. i gcás táirgí a bhainistíocht bhfuil roghnaíocht an agus do na chustaiméara leabaithe iontu) rialuithe. íseal go meánach. .inmheánacha atá sainithe go soiléir mar aon leis na bearta maolaithe riosca a bhaineann leo, agus an creat rialaithe le haghaidh riosca ráta úis agus riosca raoin difríochta creidmheasa (más ábhartha) atá fónta agus atá i gcomhréir le straitéis riosca agus inghlacthacht riosca na hinstitiúide.
Tá riosca idir Maidir le IRRBB:  meánach agus  Tá íogaireacht an luach ard ann go eacnamaíoch i leith athruithe ar mbeidh rátaí úis meánach go hard. 3 tionchar  Tá íogaireacht an tuillimh i leith suntasach athruithe ar rátaí úis meánach go stuamachta ar hard. an institiúid ag  Tá íogaireacht an luacha  féachaint do eacnamaíoch agus an tuillimh iTá neamhréireacht ann idir beartas riosca agus straitéis na hinstitiúide maidir le riosca ráta úis agus riosca raoin difríochta creidmheasa, agus a straitéis agus a hinghlacthacht riosca fhoriomlán. Ní scarann an creat eagraíochtúil le haghaidh riosca ráta úis agus
Scór Tuairim Breithniúcháin maidir le riosca Breithniúcháin riosca mhaoirseachta bunúsach agus leibhéal an leith athruithe ar na toimhdí riosca bunúsacha (e.g. i gcás táirgí a bhunúsaigh bhfuil roghnaíocht an agus don chustaiméara leabaithe iontu) bhainistíocht meánach go hard. agus do na rialuithe. maidir le bainistíocht rialuithe leordhóthanacha riosca raoin difríochta creidmheasa freagrachtaí agus tascanna go leordhóthanach idir glacadóirí riosca agus feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe. Ní thugtar faoi chórais tomhais riosca ráta úis agus riosca raoin
Tá ann tionchar suntasach stuamachta riosca go mbeidh ard ar Maidir  Tá eacnamaíoch rátaí le IRRBB: úis íogaireacht ard. i leith an athruithe luacha ardifríochta faireacháin cruinneas leordhóthanach. agus agus creidmheasa, tuairisciú minicíocht le
an institiúid ag  Tá íogaireacht tuillimh i leith  4 féachaint leibhéal riosca bhunúsaigh agus bhainistíocht agus rialuithe. do don do an na  athruithe Tá eacnamaíoch athruithe bunúsacha bhfuil leabaithe íogaireacht roghnaíocht iontu) ar ar (e.g. rátaí na agus ard. boinn úis i tuillimh gcás ard. an custaiméirí tuisceana táirgí i luach leith aNíl teorainneacha beartais inmheánacha, riosca maidir riosca creidmheasa ailínithe gcomhréir inghlacthacht agus/nó le eatarthu riosca le raoin straitéis an bearta (más an féin ráta creat riosca riosca nó úis maolaithe ábhartha) difríochta rialaithe níl agus siad agus an na i hinstitiúide.
291. Léirítear sa tábla thíos liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta a fhéadfaidh …

Léirítear sa tábla thíos liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta a fhéadfaidh údaráis inniúla a dhéanamh i gcás easnaimh shainaitheanta i gcreat bainistíochta IRRBB agus CSRBB na hinstitiúide. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an bhirt bunaithe ar a éifeachtacht i leith an easnaimh shonraigh aitheanta. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta breise (lena n-áirítear bearta cainníochtúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1)(a) den Treoir 2013/36/AE) nó teaglaim díobh a chur i bhfeidhm más é an tuairim atá ann go bhfuil siad níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh.

Tábla 13. Bearta maoirseachta féideartha agus neamh-uileghabhálacha le haghaidh IRRBB agus CSRBB Bearta maoirseachta a d’fhéadfadh a bheith ann d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1), pointí (b), (d), (e), (f), (j), agus (l) agus Airteagal 84(3) de Threoir 2013/36/AE – Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an institiúid: A. feabhas a chur ar a gcumas tástála struis; B. feabhas a chur ar thuairisciú faisnéise bainistíochta an IRRBB do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide agus don ardbhainistíocht. C. athruithe a chur i bhfeidhm ar theorainneacha inmheánacha chun an riosca atá bainteach le gníomhaíochtaí, le táirgí agus le córais a laghdú; D. tuairisciú breise nó níos minice a sholáthar ar sheasaimh IRRBB na n-institiúidí; E. an mhodheolaíocht chaighdeánaithe don IRRBB a úsáid; F. toimhdí samhaltaithe agus paraiméadracha a shonrú, seachas iad siúd atá sainaitheanta ag an ÚBE RTS (i gcomhréir leis an mír dheireanach d’Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.