+452. Go ginearálta, tá trí chás le breithniú ag údarás inniúil ina bhféadfadh go dteipfeadh ar …
|
452. Go ginearálta, tá trí chás le breithniú ag údarás inniúil ina bhféadfadh go dteipfeadh ar …
Go ginearálta, tá trí chás le breithniú ag údarás inniúil ina bhféadfadh go dteipfeadh ar institiúid a P2G a chomhlíonadh. - a. I gcás ina dtiteann leibhéal na gcistí dílse faoi leibhéal P2G (agus fós os cionn OCR) i gcúinsí a bhaineann go sonrach leis an institiúid nó i gcúinsí seachtracha inar tháinig na rioscaí a raibh sé d’aidhm ag P2G iad a chlúdach chun cinn, féadfaidh an t-údarás inniúil ligean don institiúid oibriú go sealadach faoi bhun leibhéal an P2G, ar choinníoll go meastar an plean caipitil athbhreithnithe a bheith inchreidte de réir na gcritéar atá leagtha amach i Rannóg 7.7. Chomh maith leis sin, féadfaidh an t-údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar an leibhéal P2G a choigeartú más cuí;
- b. I gcás ina dtiteann leibhéal na gcistí dílse faoi bhun leibhéal P2G (agus fós os cionn an OCR) i gcúinsí a bhaineann go sonrach leis an institiúid nó i gcúinsí seachtracha mar thoradh ar theacht chun cinn rioscaí nach raibh sé beartaithe don P2G iad a chlúdach, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith ag súil go méadóidh an institiúid leibhéal na gcistí dílse go dtí leibhéal P2G laistigh d’amlíne iomchuí;
- c. I gcás ina ndéanann an institiúid neamhaird de P2G, ní ionchorpraíonn sí sa chreat bainistíochta riosca é nó mura mbunaíonn sí cistí dílse chun P2G a chomhlíonadh laistigh de na teorainneacha ama a leagann an t-údarás inniúil síos, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta breise maoirseachta a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach i dTábla 16.
I gcás nár deonaíodh an cead oibriú faoi bhun an leibhéil P2G dá dtagraítear i bpointe (a) agus go bhfuil cistí dílse na hinstitiúide faoi bhun leibhéal P2G arís agus arís eile, ba cheart don údarás inniúil ceanglais cistí dílse breise a fhorchur i gcomhréir le Teideal 7.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|