+9.5. Freagairt mhaoirseachta ar chás nuair nach gcomhlíontar P2G
---+451. Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil méid na …
---+452. Go ginearálta, tá trí chás le breithniú ag údarás inniúil ina bhféadfadh go dteipfeadh ar …
---+453. D’ainneoin freagairtí maoirseachta ar leith de réir na míre roimhe seo, féadfaidh údaráis …

9.5. Freagairt mhaoirseachta ar chás nuair nach gcomhlíontar P2G

9.5. Freagairt mhaoirseachta ar chás nuair nach gcomhlíontar P2G

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
451. Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil méid na …

Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil méid na gcistí dílse a bhfuiltear ag súil leis de réir P2G bunaithe agus á gcoinneáil ag an institiúid le himeacht ama. Nuair a thitfidh cistí dílse na hinstitiúide, nó inar dócha go dtitfidh siad, faoi bhun an leibhéil arna chinneadh ag P2G, ba cheart don údarás inniúil a bheith ag súil go dtabharfaidh an institiúid fógra dó agus go n-ullmhófar plean caipitil athbhreithnithe. Ina fógra, ba cheart don institiúid a mhíniú cad iad na hiarmhairtí díobhálacha is dócha a thabharfadh uirthi déanamh amhlaidh agus cad iad na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun comhlíonadh P2G a athbhunú mar chuid d'idirphlé feabhsaithe maoirseachta.

452. Go ginearálta, tá trí chás le breithniú ag údarás inniúil ina bhféadfadh go dteipfeadh ar …

Go ginearálta, tá trí chás le breithniú ag údarás inniúil ina bhféadfadh go dteipfeadh ar institiúid a P2G a chomhlíonadh.

  • a. I gcás ina dtiteann leibhéal na gcistí dílse faoi leibhéal P2G (agus fós os cionn OCR) i gcúinsí a bhaineann go sonrach leis an institiúid nó i gcúinsí seachtracha inar tháinig na rioscaí a raibh sé d’aidhm ag P2G iad a chlúdach chun cinn, féadfaidh an t-údarás inniúil ligean don institiúid oibriú go sealadach faoi bhun leibhéal an P2G, ar choinníoll go meastar an plean caipitil athbhreithnithe a bheith inchreidte de réir na gcritéar atá leagtha amach i Rannóg 7.7. Chomh maith leis sin, féadfaidh an t-údarás inniúil breithniú a dhéanamh ar an leibhéal P2G a choigeartú más cuí;
  • b. I gcás ina dtiteann leibhéal na gcistí dílse faoi bhun leibhéal P2G (agus fós os cionn an OCR) i gcúinsí a bhaineann go sonrach leis an institiúid nó i gcúinsí seachtracha mar thoradh ar theacht chun cinn rioscaí nach raibh sé beartaithe don P2G iad a chlúdach, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith ag súil go méadóidh an institiúid leibhéal na gcistí dílse go dtí leibhéal P2G laistigh d’amlíne iomchuí;
  • c. I gcás ina ndéanann an institiúid neamhaird de P2G, ní ionchorpraíonn sí sa chreat bainistíochta riosca é nó mura mbunaíonn sí cistí dílse chun P2G a chomhlíonadh laistigh de na teorainneacha ama a leagann an t-údarás inniúil síos, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta breise maoirseachta a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach i dTábla 16.

I gcás nár deonaíodh an cead oibriú faoi bhun an leibhéil P2G dá dtagraítear i bpointe (a) agus go bhfuil cistí dílse na hinstitiúide faoi bhun leibhéal P2G arís agus arís eile, ba cheart don údarás inniúil ceanglais cistí dílse breise a fhorchur i gcomhréir le Teideal 7.

453. D’ainneoin freagairtí maoirseachta ar leith de réir na míre roimhe seo, féadfaidh údaráis …

D’ainneoin freagairtí maoirseachta ar leith de réir na míre roimhe seo, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar chur i bhfeidhm na mbeart caipitil agus maoirseachta breise a leagtar amach i dTeideal 7, i gcás ina measfar iad a bheith níos iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna gur thit na cistí dílse faoin leibhéal arna chinneadh ag P2G.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.