+526. Féadfaidh údaráis inniúla, ar bhonn na leochaileachtaí agus na n-easnamh a sainaithníodh sa …
|
526. Féadfaidh údaráis inniúla, ar bhonn na leochaileachtaí agus na n-easnamh a sainaithníodh sa …
Féadfaidh údaráis inniúla, ar bhonn na leochaileachtaí agus na n-easnamh a sainaithníodh sa mheasúnú ar ghnéithe SREP le haghaidh TCBanna, bearta maoirseachta a fhorchur lena gceanglaítear ar an TCB an méid seo a leanas a dhéanamh: - a. suim dearlaice caipitil a choinneáil ar mó é ná na híoscheanglais atá leagtha síos in Airteagal 48e de Threoir 2013/36/AE;
- b. srian a chur le foirm na n-ionstraimí a cheadaítear i gcomhréir le Treoirlínte an ÚBE maidir le hionstraimí atá ar fáil do bhrainsí tríú tír lena n-úsáid gan srian agus láithreach chun rioscaí nó caillteanais a chlúdach i gcomhréir le hAirteagal 48e(2)(c) de Threoir 2013/36/AE, leis na hionstraimí ó dhlínse ar leith nó leis na hionstraimí atá ainmnithe in airgeadra ar leith;
- c. coinníollacha oibríochtúla a thabhairt isteach sa bhreis orthu sin i gcomhréir le Treoirlínte an ÚBE maidir le hionstraimí atá ar fáil do bhrainsí tríú tír lena n-úsáid gan srian agus láithreach chun rioscaí nó caillteanais a chlúdach i gcomhréir le hAirteagal 48e(2)(c) de Threoir 2013/36/AE;
- d. ceanglais shonracha leachtachta eile a chomhlíonadh sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 48f de Threoir 2013/36/AE;
- e. a socruithe rialachais, bainistithe riosca nó clárúcháin a atreisiú;
- f. raon feidhm a ngnó nó na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad a shrianadh nó a theorannú, mar aon le contrapháirtithe na ngníomhaíochtaí sin a shrianadh nó a theorannú;
- g. an riosca atá ina dhlúthchuid dá ngníomhaíochtaí, dá dtáirgí agus dá gcórais, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, a laghdú agus scor de bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí den sórt sin nó scor de bheith ag tairiscint táirgí den sórt sin;
- h. ceanglais bhreise tuairiscithe a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 48k(3) nó minicíocht an tuairiscithe thráthrialta a mhéadú;
- i. nochtuithe poiblí a dhéanamh;
- j. Ar bonn cáis, agus tar éis féachaint do na critéir in Airteagal 48i(1) de Theoir 2013/36/AE, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an TCB iarratas a dhéanamh ar údarú mar fhochuideachta i gcomhréir le Teideal III, Caibidil 1 den Treoir. Áirítear leis seo cás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil tábhacht chórasach ag baint leis an gTCB nó go gcruthaíonn sé rioscaí suntasacha cobhsaíochta airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 48j de Threoir 2013/36/AE.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|