+12.2. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
---+525. I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim foriomlán …
---+526. Féadfaidh údaráis inniúla, ar bhonn na leochaileachtaí agus na n-easnamh a sainaithníodh sa …
---+527. I gcás TCBanna a bhfuil tábhacht chórasach leo, féadfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a …
---+528. Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí an mheasúnaithe SREP a chur in iúl do bhainistíocht an …
|
12.2. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
12.2. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
525. I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim foriomlán …
|
I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim foriomlán maidir le príomhrioscaí an TCB. Ba cheart an tuairim seo a léiriú in achoimre bhliantúil ar mheasúnú foriomlán SREP, agus scór inmharthanachta bunaithe ar na breithniúcháin a shonraítear i dtábla 21 a bheith ag gabháil leis. Ba cheart go n-áireofaí san achoimre bhliantúil freisin aon torthaí maoirseachta a rinneadh le linn na 12 mhí roimhe sin. Tábla 21. Breithniúcháin mhaoirseachta maidir le scór foriomlán SREP a shannadh Scór Tuairim mhaoirseachta Breithniúcháin | 1 Cruthaíonn na rioscaí a shainaithnítear leibhéal íseal riosca d’inmharthanacht an bhrainse den TCB. | | Ní chruthaíonn samhail ghnó agus straitéis na hinstitiúide aon ábhar imní. Níl aon ábhar imní ag baint le socruithe inmheánacha rialachais agus rialuithe an TCB. Níl rioscaí an TCB ábhartha nó is leor bainistíocht riosca agus rialuithe chun na rioscaí sin a shainaithnítear mar rioscaí ábhartha a mhaolú. Ní ábhar imní é staid dearlaice caipitil agus leachtachta an TCB. Ní ábhar imní iad socruithe áirithinte an TCB. | | 2 Cruthaíonn na rioscaí a shainaithnítear leibhéal riosca idir meánach agus íseal d’inmharthanacht an TCB. | • | Tá leibhéal íseal go meánach imní ann faoin samhail ghnó agus straitéis an TCB. Tá leibhéal íseal go meánach imní ann faoi shocruithe rialachais nó rialaithe an TCB. Tá leibhéal íseal go meánach imní ann maidir le rioscaí ábhartha an TCB agus a mbainistiú agus a rialú. Tá leibhéal imní íseal go meánach ann faoi staid leachtachta agus/nó próifíl chistiúcháin an TCB. Tá leibhéal imní íseal go meánach ann faoi shocruithe rialachais nó rialaithe an TCB. | | 3 Cruthaíonn na rioscaí a shainaithnítear leibhéal riosca idir meánach agus íseal d’inmharthanacht an TCB. | • | Tá leibhéal imní meánach go hard ann faoi shamhail ghnó agus straitéis an TCB. Tá leibhéal imní meánach go hard ann faoi shocruithe rialachais nó rialaithe an TCB. Tá leibhéal imní meánach go hard ann maidir le rioscaí ábhartha an TCB agus a mbainistiú agus a rialú. Tá leibhéal imní meánach go hard ann faoi staid dearlaice caipitil agus/nó leachtachta an TCB. Tá leibhéal imní meánach go hard imní ann faoi shocruithe áirithinte an TCB. | | 4 Cruthaíonn na rioscaí a shainaithnítear ardleibhéal riosca d’inmharthanacht an TCB. | • | Tá ardleibhéal imní ann faoi shamhail ghnó agus straitéis an TCB. Tá ardleibhéal imní ann faoi shocruithe rialachais nó rialaithe an TCB. Tá ardleibhéal imní ann maidir le rioscaí ábhartha an TCB agus a mbainistiú agus a rialú. Tá ardleibhéal imní faoi staid dearlaice caipitil agus/nó leachtachta an TCB. Tá ardleibhéal imní ann faoi shocruithe áirithinte an TCB. |
|
|
526. Féadfaidh údaráis inniúla, ar bhonn na leochaileachtaí agus na n-easnamh a sainaithníodh sa …
|
Féadfaidh údaráis inniúla, ar bhonn na leochaileachtaí agus na n-easnamh a sainaithníodh sa mheasúnú ar ghnéithe SREP le haghaidh TCBanna, bearta maoirseachta a fhorchur lena gceanglaítear ar an TCB an méid seo a leanas a dhéanamh: - a. suim dearlaice caipitil a choinneáil ar mó é ná na híoscheanglais atá leagtha síos in Airteagal 48e de Threoir 2013/36/AE;
- b. srian a chur le foirm na n-ionstraimí a cheadaítear i gcomhréir le Treoirlínte an ÚBE maidir le hionstraimí atá ar fáil do bhrainsí tríú tír lena n-úsáid gan srian agus láithreach chun rioscaí nó caillteanais a chlúdach i gcomhréir le hAirteagal 48e(2)(c) de Threoir 2013/36/AE, leis na hionstraimí ó dhlínse ar leith nó leis na hionstraimí atá ainmnithe in airgeadra ar leith;
- c. coinníollacha oibríochtúla a thabhairt isteach sa bhreis orthu sin i gcomhréir le Treoirlínte an ÚBE maidir le hionstraimí atá ar fáil do bhrainsí tríú tír lena n-úsáid gan srian agus láithreach chun rioscaí nó caillteanais a chlúdach i gcomhréir le hAirteagal 48e(2)(c) de Threoir 2013/36/AE;
- d. ceanglais shonracha leachtachta eile a chomhlíonadh sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 48f de Threoir 2013/36/AE;
- e. a socruithe rialachais, bainistithe riosca nó clárúcháin a atreisiú;
- f. raon feidhm a ngnó nó na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad a shrianadh nó a theorannú, mar aon le contrapháirtithe na ngníomhaíochtaí sin a shrianadh nó a theorannú;
- g. an riosca atá ina dhlúthchuid dá ngníomhaíochtaí, dá dtáirgí agus dá gcórais, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, a laghdú agus scor de bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí den sórt sin nó scor de bheith ag tairiscint táirgí den sórt sin;
- h. ceanglais bhreise tuairiscithe a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 48k(3) nó minicíocht an tuairiscithe thráthrialta a mhéadú;
- i. nochtuithe poiblí a dhéanamh;
- j. Ar bonn cáis, agus tar éis féachaint do na critéir in Airteagal 48i(1) de Theoir 2013/36/AE, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an TCB iarratas a dhéanamh ar údarú mar fhochuideachta i gcomhréir le Teideal III, Caibidil 1 den Treoir. Áirítear leis seo cás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil tábhacht chórasach ag baint leis an gTCB nó go gcruthaíonn sé rioscaí suntasacha cobhsaíochta airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 48j de Threoir 2013/36/AE.
|
|
527. I gcás TCBanna a bhfuil tábhacht chórasach leo, féadfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a …
|
I gcás TCBanna a bhfuil tábhacht chórasach leo, féadfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas a bhreithniú freisin: - a) A cheangal ar an TCB a shócmhainní nó a ghníomhaíochtaí a struchtúrú ar bhealach a fhágann go scoireann sé de bheith cáilithe mar TCB a bhfuil tábhacht chórasach leis nó nach gcruthaíonn sé níos mó riosca iomarcach do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe;
- b) ceanglais bhreise stuamachta – lena n-áirítear ceanglais rialachais – a fhorchur ar an TCB.
|
|
528. Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí an mheasúnaithe SREP a chur in iúl do bhainistíocht an …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí an mheasúnaithe SREP a chur in iúl do bhainistíocht an bhrainse tríú tír agus iad a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht nach foláir don bhrainse tríú tír a dhéanamh chun na bearta maoirseachta a cuireadh i bhfeidhm bunaithe ar na torthaí a chomhlíonadh. Ba cheart d’údaráis inniúla torthaí mheasúnú SREP a chur in iúl, lena n‑áirítear aon bhearta maoirseachta a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an máthairghnóthas i gcomhréir leis na comhaontuithe riaracháin nó leis na socruithe eile a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 48c(2) de Threoir 2013/36/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|