+IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA RIACHTANACHA
---+Part I Cybersecurity requirements relating to the properties of products with digital elements
------+(1) Products with digital elements shall be designed, developed and produced in such a way that …
------+(2) On the basis of the cybersecurity risk assessment referred to in Article 13(2) and where …
---------+(a) be made available on the market without known exploitable vulnerabilities;
---------+(b) be made available on the market with a secure by default configuration, unless otherwise agreed …
---------+(c) ensure that vulnerabilities can be addressed through security updates, including, where …
---------+(d) ensure protection from unauthorised access by appropriate control mechanisms, including but not …
---------+(e) protect the confidentiality of stored, transmitted or otherwise processed data, personal or …
---------+(f) protect the integrity of stored, transmitted or otherwise processed data, personal or other …
---------+(g) process only data, personal or other, that are adequate, relevant and limited to what is …
---------+(h) protect the availability of essential and basic functions, also after an incident, including …
---------+(i) minimise the negative impact by the products themselves or connected devices on the …
---------+(j) be designed, developed and produced to limit attack surfaces, including external interfaces;
---------+(k) be designed, developed and produced to reduce the impact of an incident using appropriate …
---------+(l) provide security related information by recording and monitoring relevant internal activity …
---------+(m) provide the possibility for users to securely and easily remove on a permanent basis all data …
---+Part II Vulnerability handling requirements
------+(1) identify and document vulnerabilities and components contained in products with digital …
------+(2) in relation to the risks posed to products with digital elements, address and remediate …
------+(3) apply effective and regular tests and reviews of the security of the product with digital …
------+(4) once a security update has been made available, share and publicly disclose information about …
------+(5) put in place and enforce a policy on coordinated vulnerability disclosure;
------+(6) take measures to facilitate the sharing of information about potential vulnerabilities in their …
------+(7) provide for mechanisms to securely distribute updates for products with digital elements to …
------+(8) ensure that, where security updates are available to address identified security issues, they …

IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA RIACHTANACHA




IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA RIACHTANACHA

Cuid I Ceanglais chibearshlándála a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

(1) Déanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh ar bhealach chun leibhéal iomchuí cibearshlándála a áirithiú bunaithe ar na rioscaí.

(2) Ar bhonn an mheasúnaithe riosca cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus i gcás inarb infheidhme, déanfar an méid seo a leanas i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

(a) 

cuirfear ar fáil ar an margadh iad gan leochaileachtaí insaothraithe aitheanta a bheith ann;

(b) 

cuirfear ar fáil ar an margadh iad agus cumraíocht shlán mar réamhshocrú i bhfeidhm orthu, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir an monaróir agus an t-úsáideoir gnó maidir le táirge saincheaptha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an fhéidearthacht an táirge a athshocrú chuig a riocht bunaidh;

(c) 

áiritheofar gur féidir aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí trí nuashonruithe slándála, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí nuashonruithe slándála uathoibríocha a shuiteáiltear laistigh de thréimhse ama iomchuí arna gcumasú mar shocrú réamhshocraithe, le sásra rogha an diúltaithe atá soiléir agus éasca le húsáid, trí fhógra a thabhairt d’úsáideoirí faoi nuashonruithe atá ar fáil, agus an rogha iad a chur ar athló go sealadach;

(d) 

áiritheofar cosaint ar rochtain neamhúdaraithe trí bhíthin sásraí iomchuí rialaithe, lena n-áirítear córais bainistíochta fíordheimhniúcháin, céannachta nó rochtana ach gan a bheith teoranta dóibh, agus tabharfar tuairisc ar rochtain neamhúdaraithe a d’fhéadfadh a bheith ann;

(e) 

cosnófar rúndacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus shonraí eile, amhail trí shonraí ábhartha a chriptiú agus iad ar fos nó faoi bhealach trí bhíthin sásraí úrscothacha, agus trí úsáid a bhaint as modhanna teicniúla eile;

(f) 

maidir le sláine sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus shonraí eile, mar aon le horduithe, cláir agus cumraíocht, cosnófar iad ar aon chineál ionramhála nó modhnaithe nach n-údaraíonn an t-úsáideoir agus déanfar tuairisciú ar an truailliú;

(g) 

ní phróiseálfar ach sonraí pearsanta agus sonraí eile atá leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an gcríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha (íoslaghdú sonraí);

(h) 

cosnófar infhaighteacht feidhmeanna fíor-riachtanacha agus bunúsacha, agus tar éis teagmhais freisin, lena n-áirítear trí bhearta athléimneachta agus maolaithe in aghaidh ionsaithe diúltaithe seirbhíse;

(i) 

íoslaghdófar an tionchar diúltach a bhíonn ag na táirgí iad féin nó ag gléasanna nasctha ar infhaighteacht na seirbhísí a sholáthraítear le gléas nó le líonraí eile;

(j) 

déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun dromchlaí ionsaithe a theorannú, lena n-áirítear comhéadain sheachtracha;

(k) 

déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun an tionchar a bhíonn ag teagmhas a laghdú trí úsáid a bhaint as sásraí agus as teicnící iomchuí chun an saothrú a mhaolú;

(l) 

soláthrófar faisnéis faoin tslándáil trí ghníomhaíocht inmheánach ábhartha a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh uirthi, lena n-áirítear an rochtain ar shonraí, ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna agus modhnú sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna, agus sásra rogha an diúltaithe don úsáideoir;

(m) 

tabharfar an deis d’úsáideoirí na sonraí agus na socruithe go léir a bhaint go slán agus go héasca ar bhonn buan agus, i gcás inar féidir na sonraí sin a aistriú chuig táirgí nó córais eile, áiritheofar go ndéanfar é sin ar bhealach slán.

Cuid II Ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí

Déanfaidh monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha an méid seo a leanas:

(1) 

déanfar leochaileachtaí agus comhpháirteanna atá i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear trí liosta ábhar bogearraí a tharraingt suas i bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite lena gcumhdaítear spleáchais ardleibhéil na dtáirgí ar a laghad;

(2) 

i ndáil leis na rioscaí atá ann do na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfar aghaidh ar na leochaileachtaí agus leigheasfar iad gan mhoill, lena n-áirítear trí nuashonruithe slándála a sholáthar; i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, déanfar nuashonruithe slándála nua a sholáthar ar leithligh ó nuashonruithe feidhmiúlachta;

(3) 

cuirfear i bhfeidhm tástálacha agus athbhreithnithe éifeachtacha a dhéantar go tráthrialta maidir le slándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(4) 

a luaithe a chuirfear nuashonrú slándála ar fáil, comhroinnfear faisnéis agus cuirfear ar fáil go poiblí í faoi na leochaileachtaí a leigheasadh, lena n-áirítear tuairisc ar na leochaileachtaí, faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, tionchair na leochaileachtaí, a dhéine atá siad agus faisnéis shoiléir agus inrochtana lena gcabhraítear le húsáideoirí na leochaileachtaí a leigheas; i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ina measann monaróirí gur mó na rioscaí slándála a bhaineann le foilsiú ná na sochair slándála, féadfaidh siad moill a chur ar fhaisnéis phoiblí maidir le leochaileacht leigheasta a chur ar fáil go dtí go mbeidh an deis tugtha d’úsáideoirí an paiste ábhartha a chur i bhfeidhm;

(5) 

cuirfear beartas i bhfeidhm maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí agus forfheidhmeofar é;

(6) 

déanfar bearta chun comhroinnt faisnéise a éascú faoi leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus i gcomhpháirteanna tríú páirtí atá sa táirge sin, lena n-áirítear trí sheoladh teagmhála a sholáthar chun na leochaileachtaí a aimsítear sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú;

(7) 

forálfar do shásraí chun nuashonruithe a dháileadh go slán do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a áirithiú go ndéanfar leochaileachtaí a leigheas nó a mhaolú go tráthúil agus, i gcás inarb infheidhme le haghaidh nuashonruithe slándála, ar bhealach uathoibríoch;

(8) 

áiritheofar, i gcás ina mbeidh nuashonruithe slándála ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála sainaitheanta, go scaipfear iad gan mhoill agus, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir monaróir agus úsáideoir gnó i ndáil le táirge saincheaptha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, go mbeidh siad saor in aisce, agus teachtaireachtaí comhairleacha ag gabháil leo lena gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’úsáideoirí, lena n-áirítear maidir leis an ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Part I Cybersecurity requirements relating to the properties of products with digital elements

Part I Cybersecurity requirements relating to the properties of products with digital elements

Part II Vulnerability handling requirements

Part II Vulnerability handling requirements

Manufacturers of products with digital elements shall:

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha

  • Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.