+Airteagal 325bd Tréimhsí leachtachta
---+Airteagal 325bd 1.
---+Airteagal 325bd 2.
---+Airteagal 325bd 3.
---+Airteagal 325bd 4.
---+Airteagal 325bd 5.
---+Airteagal 325bd 5a.
---+Airteagal 325bd 6.
---+Airteagal 325bd 7.

Airteagal 325bd Tréimhsí leachtachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325bd 1.
Déanfaidh institiúidí gach fachtóir ►C12  riosca ◄ suíomhanna a sannadh do dheasca trádála ar tugadh dóibh an cead ina leith dá dtagraítear in Airteagal 325az(2) nó atá i mbéal an cead sin a fháil ina leith, do cheann de na catagóirí leathana fachtóirí ►C12  riosca ◄ arna liostú i dTábla 2, agus do cheann d'fhochatagóirí leathana na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ arna liostú sa Tábla sin.
Airteagal 325bd 2.
Is éard a bheidh i dtréimhse leachtachta fachtóra phriacail de chuid na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 tréimhse leachtachta fhochatagóir leathan chomhfhreagrach na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ ar ar mapáladh í.
Airteagal 325bd 3.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir le deasc trádála ar leith, féadfaidh institiúid ceann amháin de thréimhse leachtachta is faide d'fhochatagóir leathan na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ arna liostú i dTábla 1 d'Airteagal 325bc a chur in ionad na tréimhse leachtachta d'fhochatagóir na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ leathain arna liostú i dTábla 2 den Airteagal seo. I gcás ina ndéanfaidh institiúid an cinneadh sin, beidh feidhm ag an tréimhse leachtachta is faide maidir le fachtóirí ►C12  riosca ◄ insamhaltaithe uile na suíomhanna a sannadh don deasc trádála sin agus a mapáladh ar fhochatagóir leathan na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ sin chun méideanna an easnaimh ionchasaigh pháirtigh a ríomh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 325bc(1).

Cuirfidh institiúid fógra chuig na húdaráis inniúla faoi na deasca trádála agus fochatagóirí leathana na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ maidir lena gcinnfidh sí an láimhseáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.

Airteagal 325bd 4.

Chun méideanna an easnaimh ionchasaigh pháirtigh a ríomh […] i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 325bc(1), déanfar tréimhse leachtachta éifeachtach d'fhachtóir ►C12  riosca ◄ insamhaltaithe de chuid suíomh leabhair trádála ar leith nó de shuíomh leabhair neamhtrádála atá faoi réir ►C12  riosca ◄ malairte eachtraí nó ►C12  riosca ◄ tráchtearraí a ríomh mar a leanas:

▼M8



EffectiveLH=

left accolade

SubCatLH if Mat > LH5

min (SubCatLH,minj {LHj/LHj ≥ Mat} ) if LH1 ≤ Mat ≤ LH5

LH1 i f Mat < LH1

nuair atá:

EffectiveLH

=

an tréimhse leachtacht éifeachtach;

Mat

=

aibíocht shuíomh an leabhair trádála;

SubCatLH

=

fad tréimhse leachtachta an fhachtóra phriacail insamhaltaithe arna chinneadh i gcomhréir le mír 1; agus

minj{LHj/LHj ≥ Mat}

=

fad ceann amháin de na tréimhsí leachtachta a liostaítear i dTábla 1 d'Airteagal 325bc arb í an tréimhse leachtachta is gaire í os cionn aibíocht an tsuímh leabhair trádála.

Airteagal 325bd 5.
Áireofar airgeadraí atá comhdhéanta den euro agus den airgeadra de chuid Ballstát atá páirteach in MRM II i bhfochatagóir na bpéirí airgeadra is leachtaí laistigh de chatagóir ►C12  riosca ◄ leathan fhachtóir malairte eachtraí Thábla 2.
Airteagal 325bd 5a.
Áireofar airgeadraí Ballstát atá páirteach in MRM II i bhfochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí agus na n-airgeadraí náisiúnta laistigh de chatagóir leathan fhachtóir riosca ráta úis Thábla 2.
Airteagal 325bd 6.
Fíoróidh institiúid chomh hiomchuí is atá an mhapáil dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn míosúil ar a laghad.
Airteagal 325bd 7.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

an chaoi ina ndéanfaidh institiúidí fachtóirí ►C12  riosca ◄ na suíomhanna leabhair trádála dá dtagraítear i mír 1 a mhapáil ar chatagóirí leathana fachtóra phriacail agus fochatagóirí leathana fachtóra phriacail chun críche mhír 1;

(b) 

na hairgeadraí lena gcomhdhéantar fochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí i gcatagóir leathan fhachtóir ►C12  riosca ◄ ráta úis Thábla 2;

(c) 

na péirí airgeadraí lena gcomhdhéantar fochatagóir na bpéirí airgeadraí is leachtaí i gcatagóir leathan fhachtóir ►C12  riosca ◄ malairte eachtraí Thábla 2;

(d) 

sainmhínithe ar chaipitliú beag margaidh agus caipitliú mór margaidh i gcomhair fhochatagóir an phraghais cothromais agus na luaineachta de chatagóir leathan fhachtóir ►C12  riosca ◄ cothromais Thábla 2;

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.


Tábla 2

Catagóirí leathana fachtóra riosca

Fochatagóirí leathana fachtóra phriacail

Tréimhsí leachtachta

Fad na tréimhse leachtachta (i laethanta)

Ráta úis

Airgeadraí is leachtaí agus airgeadra náisiúnta

1

10

Airgeadraí eile (gan na hairgeadraí is leachtaí a chur san áireamh)

2

20

Luaineacht

4

60

Cineálacha eile

4

60

Raon difríochta creidmheasa

Rialtas láir, lena n-áirítear bainc ceannais, de chuid na mBallstát

2

20

Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa sna Ballstáit (Grád Infheistíochta)

2

20

Flaithiúnas (Grád infheistíochta)

2

20

Flaithiúnas (Ard toraidh)

3

40

Corparáideach (Grád infheistíochta)

3

40

Corparáideach (Ard toraidh)

4

60

Luaineacht

5

120

Cineálacha eile

5

120

Cothromas

Praghas cothromais (Caipitliú mór margaidh)

1

10

Praghas cothromais (Caipitliú beag margaidh)

2

20

Luaineacht (Caipitliú mór margaidh )

2

20

Luaineacht (Caipitliú mór margaidh )

4

60

Cineálacha eile

4

60

Malairt Eachtrach

Péirí airgeadraí is leachtaí

1

10

Péirí airgeadraí eile (gan na hairgeadraí is leachtaí a chur san áireamh)

2

20

Luaineacht

3

40

Cineálacha eile

3

40

Tráchtearra

Praghas fuinnimh agus praghas astaíochtaí carbóin

2

20

Praghas miotail lómhair agus praghas miotail neamhfheiriúil

2

20

Praghsanna tráchtearraí eile (seachas praghas fuinnimh, praghas astaíochtaí carbóin, praghas miotail lómhair agus praghas miotail neamhfheiriúil)

4

60

Luaineacht fuinnimh agus luaineacht astaíochtaí carbóin

4

60

Luaineacht miotail lómhair agus luaineacht miotail neamhfheiriúil

4

60

Luaineachtaí tráchtearraí eile (seachas luaineacht fuinnimh, luaineacht astaíochtaí carbóin, luaineacht miotail lómhair agus luaineacht miotail neamhfheiriúil)

5

120

Cineálacha eile

5

120

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.