|
+Airteagal 18 3. |
Airteagal 18 3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta, agus iad ag socrú chineál na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart riaracháin eile dá dtagraítear i mír 1 agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid, go gcuirfidh siad san áireamh na himthosca ábhartha uile, lena n‐áirítear, más iomchuí:
(a)
tromchúis an tsáraithe agus a fhad a mhair sé;
(b)
méid freagrachta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú;
(c)
acmhainn airgeadais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú, lena n‐áirítear láimhdeachas iomlán daoine dlítheanacha nó ioncam bliantúil daoine nádúrtha;
(d)
a thábhachtaí atá na brabúis a ghnóthaigh nó na caillteanais a sheachain na daoine dlítheanacha atá freagrach as an sárú;
(e)
aon chaillteanais a thabhaigh tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe;
(f)
leibhéal an chomhoibrithe leis na húdaráis inniúla ábhartha;
(g)
sáruithe a rinne na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú roimhe sin;
(h)
aon iarmhairtí sistéamacha féideartha de thoradh an tsáraithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|