+Airteagal 37 An t‐athbhreithniú leantach ar an gcead samhlacha inmheánacha a úsáid
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
|
Airteagal 37 An t‐athbhreithniú leantach ar an gcead samhlacha inmheánacha a úsáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n‐athbhreithneoidh na Ballstáit go tráthrialta, agus gach trí bliana ar a laghad, a mhéid atá gnólachtaí infheistíochta ag comhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcead samhlacha inmheánacha a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird, go háirithe, ar athruithe ar ghnó an ghnólachta infheistíochta agus ar chur chun feidhme na samhlacha inmheánacha sin maidir le táirgí nua, agus déanfaidh siad athbhreithniú agus measúnú i dtaobh an n‐úsáideann an ngnólacht infheistíochta teicnící agus cleachtais atá forbartha agus cothrom le dáta le haghaidh na samhlacha inmheánacha sin. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gceartófar na heasnaimh ábhartha a shainaithneofar i gcumhdach riosca shamhlacha inmheánacha an ghnólachta infheistíochta, nó déanfaidh siad bearta chun a n‐iarmhairtí a mhaolú, lena n‐áirítear forlíontáin chaipitil nó fachtóirí iolraithe níos airde a fhorchur.
|
|
Airteagal 37 2.
|
Más rud é, i gcás samhlacha inmheánacha riosca don mhargadh, gur léir ón iomad róluaineachtaí dá dtagraítear in Airteagal 366 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach bhfuil na samhlacha inmheánacha cruinn nó nach bhfuil siad cruinn níos mó, aisghairfidh na húdaráis inniúla an cead na samhlacha inmheánacha a úsáid nó forchuirfidh siad bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfeabhsófar na samhlacha inmheánacha go pras agus laistigh de thréimhse shonrach.
|
|
Airteagal 37 3.
|
I gcás inar tugadh cead do ghnólacht infheistíochta samhlacha inmheánacha a úsáid agus nach gcomhlíonann sé níos mó na ceanglais maidir leis na samhlacha inmheánacha sin a chur i bhfeidhm, éileoidh na húdaráis inniúla go léireoidh an comhlacht infheistíochta nach bhfuil éifeacht an neamh-chomhlíonta ábhartha nó go dtíolacfaidh sé plean agus sprioc-am maidir leis na ceanglais sin a chomhlíonadh. Éileoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar feabhsuithe ar an bplean arna thíolacadh i gcás nach dócha go dtiocfaidh comhlíonadh iomlán as an bplean nó ina mbeidh an sprioc-am míchuí. I gcás nach dócha go gcloífidh an gnólacht infheistíochta leis an sprioc-am atá leagtha síos nó i gcás nár léirigh sé go sásúil nach ábhartha éifeacht an neamh-chomhlíonta, áiritheoidh na Ballstáit go n‐aisghairfidh na húdaráis inniúla an cead samhlacha inmheánacha a úsáid nó go dteorannóidh siad é do na réimsí sin inar féidir comhlíonadh a bhaint amach faoi sprioc-am iomchuí.
|
|
Airteagal 37 4.
|
Déanfaidh ÚBE anailísiú ar shamhlacha inmheánacha na ngnólachtaí infheistíochta trí chéile agus déanfaidh sé anailísiú ar conas a láimhseálann gnólachtaí infheistíochta a úsáideann samhlacha inmheánacha rioscaí nó neamhchosaintí comhchosúla. Cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas ina leith. Chun cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur chun cinn, forbróidh ÚBE, ar bhonn an anailísithe sin agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte ina mbeidh tagarmharcanna maidir leis an gcaoi a n‐úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta samhlacha inmheánacha agus maidir leis an gcaoi a gcuirfear na samhlacha inmheánacha sin i bhfeidhm maidir le rioscaí nó neamhchosaintí comhchosúla. Spreagfaidh na Ballstáit na húdaráis inniúla an anailís sin agus na treoirlínte sin a chur san áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|