|
+Airteagal 40 1. |
Airteagal 40 1.Ní fhorchuirfidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) ach amháin i gcás ina bhfaighidh siad amach, ar bhonn na n‐athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37, aon cheann de na cásanna seo a leanas i leith gnólacht infheistíochta:
(a)
tá an gnólacht infheistíochta ar neamhchosaint ar rioscaí nó eilimintí de rioscaí, nó tá sé ina bhaol dóibh siúd eile is ábhartha agus nach bhfuil cumhdaithe go leordhóthanach leis an gceanglas cistí dílse, agus go háirithe ceanglais de réir K‐fhachtóir, a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033;
(b)
ní chomhlíonann an gnólacht infheistíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 24 agus 26 agus ní dócha go bhfeabhsóidh bearta maoirseachta eile na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí go leordhóthanach laistigh de thréimhse iomchuí;
(c)
ní leor na coigeartuithe maidir le luacháil stuama an leabhair trádála chun é a chur ar chumas an ghnólachta infheistíochta a shuíomhanna a dhíol nó a fhálú amach laistigh de thréimhse ghairid gan caillteanais ábhartha a thabhú faoi ghnáthdhálaí margaidh;
(d)
léirítear leis an athbhreithniú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 37 gur dócha go mbeidh leibhéil chaipitil neamh-leordhóthanacha ann de dheasca neamh‐chomhlíonadh na gceanglas maidir leis na samhlacha inmheánacha ceadaithe a chur i bhfeidhm;
(e)
mainníonn an gnólacht infheistíochta rís agus arís eile leibhéal leordhóthanach cistí dílse a bhunú nó a choimeád ar bun mar a leagtar amach in Airteagal 41. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|