+Airteagal 29 Neamhchosaint fhéideartha thodhchaí
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
---+Airteagal 29 8.
|
Airteagal 29 Neamhchosaint fhéideartha thodhchaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
I gcás gach idirbhirt díorthach, is mar thoradh an mhéid seo a leanas a ríomhfar an neamhchosaint fhéideartha thodhchaí (PFE) dá dtagraítear in Airteagal 27:
(a)
méid barúlach iarbhír an idirbhirt arna shocrú i gcomhréir le míreanna 2 go 6 den Airteagal seo; agus
(b)
an fachtóir maoirseachta arna shocrú i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Is éard a bheidh sa mhéid barúlach iarbhír toradh an mhéid bharúlaigh arna ríomh i gcomhréir le mír 3, an fhaid le haghaidh conarthaí díorthach ráta úis agus creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le mír 4, agus an deilte maoirseachta le haghaidh conarthaí rogha arna ríomh i gcomhréir le mír 6.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Mura bhfuil an méid barúlach luaite go soiléir agus socraithe go haibíocht, is mar a leanas a chinnfear é:
(a)
i gcás conarthaí díorthach malairte eachtraí, is é a shainmhínítear mar an méid barúlach méid barúlach chuid an airgeadra eachtraigh den chonradh, arna chomhshó san airgeadra intíre. Más in airgeadraí nach iad an t-airgeadra intíre iad a ainmnítear an dá chuid de dhíorthach malairte eachtraí, déanfar méid barúlach gach coda a chomhshó san airgeadra intíre agus is í an chuid ar mó a luach airgeadra intíre a bheidh sa mhéid barúlach;
(b)
i gcás conarthaí díorthach cothromais agus tráchtearraí agus lamháltais astaíochta agus díorthaigh díobh sin, is éard a bheidh sa mhéid barúlach toradh an phraghais margaidh ar aon aonad amháin den ionstraim agus líon na n-aonad dá dtagraítear sa trádáil;
(c)
i gcás idirbhearta ag a bhfuil dea-thorthaí iomadúla a bhraitheann ar staid ar leith lena n-áirítear roghanna digiteacha nó réamhchonarthaí de chineál fuascailte sprice, ríomhfaidh an gnólacht infheistíochta an méid barúlach do gach staid agus úsáidfidh sé an ríomh is airde a gheofar;
(d)
i gcás inar foirmle luachanna margaidh é an méid barúlach, iontrálfaidh an gnólacht infheistíochta na CMVanna chun an méid barúlach trádála a chinneadh;
(e)
i gcás babhtálacha barúlacha athraitheacha amhail babhtálacha amúchta agus babhtálacha tiomsaitheacha, is é an meánmhéid barúlach ar feadh a bhfuil fágtha de shaolré na babhtála a úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta mar mheánmhéid barúlach don trádáil;
(f)
déanfar babhtálacha luamhánaithe a chomhshó i meánmhéid barúlach na babhtála neamhluamhánaithe coibhéisí sa dóigh, nuair a mhéadófar gach ráta i mbabhtáil faoi fhachtóir, go méadófar an méid barúlach atá dearbhaithe faoin bhfachtóir ar na rátaí úis chun an méid barúlach a chinneadh;
(g)
i gcás conradh díorthach lena mbaineann malartuithe iomadúla príomhshuime, méadófar an méid barúlach faoi líon na malartuithe príomhshuime sa chonradh díorthach chun an méid barúlach a chinneadh.
|
|
Airteagal 29 4.
|
Déanfar méid barúlach na gconarthaí ráta úis agus na gconarthaí díorthach creidmheasa don am atá fágtha go haibíocht (i mblianta) na gconarthaí sin, déanfar é a choigeartú i gcomhréir leis an bhfad a leagtar amach san fhoirmle seo a leanas: Fad = (1 – exp(–0,05 • am go haibíocht)) / 0,05; Maidir le conarthaí díorthach nach conarthaí ráta úis ná conarthaí díorthach creidmheasa iad is é 1 a bheidh san fhad.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Is éard a bheidh in aibíocht conartha an dáta is déanaí is féidir an conradh a fhorghníomhú. Má tá an díorthach bainteach le luach ionstraime eile ráta úis nó creidmheasa, is ar bhonn na hionstraime foluití a chinnfear an tréimhse ama. I gcás roghanna, is éard a bheidh san aibíocht an dáta feidhmithe conarthach a shonraítear sa chonradh. I gcás conradh díorthach atá struchtúrtha sa dóigh go socraítear faoi dhátaí sonraithe aon neamhchosaint atá fós amuigh agus go n-athshocraítear na téarmaí sa dóigh gurb é nialas luach cóir an chonartha, beidh an aibíocht atá fágtha comhionann leis an am go dtí an chéad dáta athshocraithe eile.
|
|
Airteagal 29 6.
|
Féadfaidh an gnólacht infheistíochta féin an deilte mhaoirseachta a ríomh le haghaidh roghanna agus roghtálacha, ag úsáid samhail chuí agus í faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil. Déanfaidh an tsamhail sin meastachán ar ráta athraithe luach na rogha i ndáil le hathruithe beaga ar mhargadhluach an fholuitigh. Maidir le hidirbhearta nach roghanna ná roghtálacha iad nó i gcás nach bhfuil formheas faighte ag samhail ar bith ó na húdaráis inniúla, is é 1 a bheidh sa deilte.
|
|
Airteagal 29 7.
|
Is i gcomhréir leis an tábla seo a leanas a chinnfear an fachtóir maoirseachta (SF) i gcás gach aicme sócmhainní:
Tábla 3
|
Aicme sócmhainní
|
Fachtóir maoirseachta
|
|
Ráta úis
|
0,5 %
|
|
Malairt eachtrach
|
4 %
|
|
Creidmheas
|
1 %
|
|
Cothromas aonainm
|
32 %
|
|
Innéacs cothromais
|
20 %
|
|
Tráchtearra agus lamháltas astaíochta
|
18 %
|
|
Eile
|
32 %
|
|
|
Airteagal 29 8.
|
Is éard atá i neamhchosaint fhéideartha thodhchaí de thacar glanluachála, suim neamhchosanta féideartha todhchaí na n-idirbheart uile a chuimsítear sa tacar glanluachála arna iolrú faoi na méideanna seo a leanas:
(a)
0,42, le haghaidh tacair glanluachála idirbheart le contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais a malartaítear comhthaobhacht go déthaobhach leis an gcontrapháirtí ina leith, más gá, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(b)
1, le haghaidh na dtacar glanluachála eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|