|
+Airteagal 29 3. |
Airteagal 29 3.Mura bhfuil an méid barúlach luaite go soiléir agus socraithe go haibíocht, is mar a leanas a chinnfear é:
(a)
i gcás conarthaí díorthach malairte eachtraí, is é a shainmhínítear mar an méid barúlach méid barúlach chuid an airgeadra eachtraigh den chonradh, arna chomhshó san airgeadra intíre. Más in airgeadraí nach iad an t-airgeadra intíre iad a ainmnítear an dá chuid de dhíorthach malairte eachtraí, déanfar méid barúlach gach coda a chomhshó san airgeadra intíre agus is í an chuid ar mó a luach airgeadra intíre a bheidh sa mhéid barúlach;
(b)
i gcás conarthaí díorthach cothromais agus tráchtearraí agus lamháltais astaíochta agus díorthaigh díobh sin, is éard a bheidh sa mhéid barúlach toradh an phraghais margaidh ar aon aonad amháin den ionstraim agus líon na n-aonad dá dtagraítear sa trádáil;
(c)
i gcás idirbhearta ag a bhfuil dea-thorthaí iomadúla a bhraitheann ar staid ar leith lena n-áirítear roghanna digiteacha nó réamhchonarthaí de chineál fuascailte sprice, ríomhfaidh an gnólacht infheistíochta an méid barúlach do gach staid agus úsáidfidh sé an ríomh is airde a gheofar;
(d)
i gcás inar foirmle luachanna margaidh é an méid barúlach, iontrálfaidh an gnólacht infheistíochta na CMVanna chun an méid barúlach trádála a chinneadh;
(e)
i gcás babhtálacha barúlacha athraitheacha amhail babhtálacha amúchta agus babhtálacha tiomsaitheacha, is é an meánmhéid barúlach ar feadh a bhfuil fágtha de shaolré na babhtála a úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta mar mheánmhéid barúlach don trádáil;
(f)
déanfar babhtálacha luamhánaithe a chomhshó i meánmhéid barúlach na babhtála neamhluamhánaithe coibhéisí sa dóigh, nuair a mhéadófar gach ráta i mbabhtáil faoi fhachtóir, go méadófar an méid barúlach atá dearbhaithe faoin bhfachtóir ar na rátaí úis chun an méid barúlach a chinneadh;
(g)
i gcás conradh díorthach lena mbaineann malartuithe iomadúla príomhshuime, méadófar an méid barúlach faoi líon na malartuithe príomhshuime sa chonradh díorthach chun an méid barúlach a chinneadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|