+PART SIX DISCLOSURE BY INVESTMENT FIRMS
---+Airteagal 46 Raon feidhme
------+Airteagal 46 1.
------+Airteagal 46 2.
------+Airteagal 46 3.
------+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
------+Airteagal 46a 1.
------+Airteagal 46a 2.
------+Airteagal 46a 3.
------+Airteagal 46a 4.
------+Airteagal 46a 5.
---+Airteagal 47 Cuspóirí agus beartais bainistithe riosca
---+Airteagal 48 Rialachas
---+Airteagal 49 Cistí dílse
------+Airteagal 49 1.
------+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 50 Ceanglais cistí dílse
---+Airteagal 51 Beartas agus cleachtais luacha saothair
---+Airteagal 52 Beartas infheistíochta
------+Airteagal 52 1.
------+Airteagal 52 2.
------+Airteagal 52 3.
---+Airteagal 53 Rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais

PART SIX DISCLOSURE BY INVESTMENT FIRMS

PART SIX DISCLOSURE BY INVESTMENT FIRMS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 Raon feidhme
Airteagal 46a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Airteagal 47 Cuspóirí agus beartais bainistithe riosca

Airteagal 47

Cuspóirí agus beartais bainistithe riosca

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta a gcuid cuspóirí agus beartas bainistithe riosca a nochtadh i gcás gach catagóire riosca ar leithligh a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Cúig i gcomhréir le hAirteagal 46, lena n-áirítear achoimre ar na straitéisí agus na próisis chun na rioscaí sin a bhainistiú agus ráiteas riosca gairid arna fhormheas ag comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta ina dtugtar tuairisc ghonta ar phróifíl fhoriomlán riosca an ghnólachta infheistíochta i ndáil leis an straitéis ghnó.

Airteagal 48 Rialachas

Airteagal 48

Rialachas

Nochtfaidh an gnólacht infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir le socruithe rialachais inmheánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 46:

(a) 

líon na stiúrthóireachtaí atá ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta;

(b) 

an beartas maidir le héagsúlacht i dtaca le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a roghnú, na cuspóirí agus aon spriocanna iomchuí a leagtar amach sa bheartas sin, agus a mhéid a baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna sin;

(c) 

cibé acu atá nó nach bhfuil coiste riosca ar leithligh curtha ar bun ag an ngnólacht infheistíochta agus an méid uaireanta a tháinig an coiste riosca le chéile in aghaidh na bliana.

Airteagal 49 Cistí dílse
Airteagal 50 Ceanglais cistí dílse

Airteagal 50

Ceanglais cistí dílse

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11(1) den Rialachán seo agus in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/2034 acu, i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo:

(a) 

achoimre ar chur chuige an ghnólachta infheistíochta maidir le leordhóthanacht a chaipitil inmheánaigh a mheasúnú chun tacú le gníomhaíochtaí reatha agus todhchaí;

(b) 

arna iarraidh sin don údarás inniúil, toradh an phróisis inmheánaigh measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil, lena n-áirítear comhdhéanamh na gcistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034;

(c) 

na ceanglais de réir K-fhachtóirí arna ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo, i bhfoirm chomhiomlán do RtM, RtF, agus RtC, bunaithe ar shuim na K-fhachtóirí is infheidhme; agus

(d) 

an ceanglas forchostas seasta arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo.

Airteagal 51 Beartas agus cleachtais luacha saothair

Airteagal 51

Beartas agus cleachtais luacha saothair

Nochtfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir lena mbeartas agus maidir lena gcleachtais luacha saothair, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le neodracht inscne agus leis an mbearna phá idir na hinscní, i gcás na gcatagóirí foirne sin a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 46;

(a) 

na saintréithe is tábhachtaí maidir le ceapadh an chórais luacha saothair, lena n-áirítear an leibhéal luacha saothair inathraithe agus na critéir le haghaidh luach saothair inathraithe a bhronnadh, an beartas maidir le híocaíocht amach in ionstraimí, an beartas maidir le hiarchur agus na critéir dhílsithe;

(b) 

na cóimheasa idir luach saothair seasta agus inathraithe arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 30(2) de Threoir (AE) 2019/2034;

(c) 

faisnéis chainníochtúil chomhiomlánaithe maidir le luach saothair, arna miondealú de réir an lucht bainistíochta shinsearaigh agus na mball foirne a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, ag tabhairt an méid seo a leanas le fios:

(i) 

na méideanna luacha saothair arna mbronnadh le linn na bliana airgeadais, arna ndealú idir luach saothair seasta, maille le tuairisc ar na comhpháirteanna seasta, agus luach saothair inathraithe, chomh maith le líon na dtairbhithe;

(ii) 

méideanna agus foirmeacha luacha saothair inathraithe arna mbronnadh, arna ndealú idir airgead tirim, scaireanna, ionstraimí atá nasctha le scaireanna agus cineálacha eile ar leithligh don chuid a íoctar roimh ré agus don chuid iarchurtha;

(iii) 

na méideanna luacha saothair iarchurtha arna mbronnadh do thréimhsí feidhmíochta roimhe sin, arna ndealú idir an méid atá le dílsiú le linn na bliana airgeadais agus an méid atá le dílsiú sna blianta ina dhiaidh sin;

(iv) 

an méid luacha saothair iarchurtha atá le dílsiú le linn na bliana airgeadais a íoctar amach le linn na bliana airgeadais, agus a laghdaítear trí choigeartuithe feidhmíochta;

(v) 

na dámhachtainí luacha saothair inathraithe ráthaithe le linn na bliana airgeadais, agus líon thairbhithe na ndámhachtainí sin;

(vi) 

na scaoilíocaíochtaí arna mbronnadh i dtréimhsí roimhe sin, a íocadh amach le linn na bliana airgeadais;

(vii) 

méideanna na scaoilíocaíochtaí arna mbronnadh le linn na bliana airgeadais, arna ndealú ina n-íocaíochtaí roimh ré agus ina n-íocaíochtaí iarchurtha, líon thairbhithe na n-íocaíochtaí sin agus an íocaíocht is airde a bronnadh ar dhuine aonair;

(d) 

faisnéis maidir le cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an gnólacht infheistíochta tairbhe as maolú a leagtar síos in Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, cuirfidh gnólachtaí infheistíochta a bhaineann tairbhe as maolú den sórt sin in iúl cibé acu ar deonaíodh an maolú sin ar bhonn phointe (a) nó phointe (b) d'Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034, nó an dá cheann. Léireoidh siad freisin cé na prionsabail luacha saothair a gcuirfidh siad an maolú nó na maoluithe i bhfeidhm ina leith, líon na mball foirne a bhaineann tairbhe as an maolú nó na maoluithe agus a luach saothair iomlán, arna dhealú idir luach saothair inathraithe agus seasta.

Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).

Airteagal 52 Beartas infheistíochta
Airteagal 53 Rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais

Airteagal 53

Rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais

Ón 26 Nollaig 2022, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034 faisnéis a nochtadh maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais, lena n‐áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe, de réir mar a shainítear sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 35 de Threoir (AE) 2019/2034.

Nochtfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír uair amháin sa chéad bhliain agus ar bhonn leathbhliantúil ina dhiaidh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.