+Airteagal 4 4
|
Airteagal 4 4
4. Údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh atá bunaithe i dtríú tíortha agus údaráis inniúla agus údaráis réitigh CPLanna tríú tír a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta curtha ar bun ag an CPL leo, féadfar iarraidh orthu a bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí. Féadfaidh siad freastal ar an gcoláiste ar choinníoll go mbeidh ceanglais rúndachta ar na húdaráis sin a bheidh coibhéiseach, i dtuairim údarás réitigh an CPL, i gcáil chathaoirleach an choláiste réitigh, leis na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 73.
Féadfar rannpháirtíocht údarás tríú tír sa choláiste réitigh a theorannú do shaincheisteanna ar leith maidir le forfheidhmiú trasteorann a phlé, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:
|
(a)
|
forfheidhmiú éifeachtach agus comhordaithe ar ghníomhaíochtaí réitigh, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 77;
|
|
(b)
|
sainaithint agus díothú na mbac a d’fhéadfadh cosc a chur le gníomhaíocht éifeachtach réitigh, ar baic iad a d’fhéadfadh a eascairt ó éagsúlacht sna dlíthe lena rialaítear comhthaobhacht, socruithe glanluachála agus fritháirimh, agus ó chumhachtaí nó straitéisí difriúla maidir le téarnamh agus réiteach;
|
|
(c)
|
sainaithint agus comhordú aon ghá le ceanglais nua maidir le ceadúnú, aithint nó údarú, ag cur san áireamh gur gá gníomhaíochtaí réitigh a chur i gcrích go tráthúil;
|
|
(d)
|
fionraí fhéideartha aon oibleagáide imréitigh i gcás na n-aicmí ábhartha sócmhainní dá ndéanfar difear de thoradh réiteach an CPL de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó de bhun aon fhoráil choibhéiseach i ndlí náisiúnta an tríú tír lena mbaineann;
|
|
(e)
|
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag amchriosanna éagsúla ar na huaireanta scoir gnó is infheidhme maidir le deireadh le trádáil.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|