|
+Airteagal 27 6 |
Airteagal 27 66. Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an CPL comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a chúiteamh i leith a gcaillteanas a eascraíonn ó uirlisí leithdháilte caillteanais a chur i bhfeidhm, i gcás inar mó na caillteanais sin ná na caillteanais a thabhódh an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana faoina oibleagáidí faoi rialacha oibríochta an CPL, ar choinníoll go mbeadh an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana i dteideal íocaíocht na difríochta dá dtagraítear in Airteagal 62. Féadfaidh an cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith i bhfoirm ionstraimí úinéireachta, ionstraimí fiachais nó ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo. Beidh méid na n-ionstraimí a eiseofar chuig gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana dá ndéantar difear comhréireach leis an gcaillteanas breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfear san áireamh leis aon oibleagáidí conarthacha de chuid na gcomhaltaí imréitigh i leith an CPL atá gan íoc agus bainfear í as aon teidlíocht chun íocaíocht na difríochta dá dtagraítear in Airteagal 62. Beidh méid na n-ionstraimí bunaithe ar an luacháil arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|