3. Sula ndéanfar aon chonarthaí dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, glacfaidh an t-údarás réitigh na céimeanna seo a leanas:
|
(a)
|
cuirfidh sé ceangal ar an CPL faoi réiteach gach conradh a luacháil agus iarmhéideanna cuntais gach comhalta imréitigh a nuashonrú;
|
|
(b)
|
cinnfidh sé an ghlansuim atá iníoctha ag gach comhalta imréitigh nó atá iníoctha leis, ag cur san áireamh aon chorrlach athrúcháin atá dlite ach atá gan íoc, lena n-áirítear corrlach athrúcháin atá dlite de thoradh na luachálacha conartha dá dtagraítear i bpointe (a); agus
|
|
(c)
|
cuirfidh sé na glansuimeanna cinnte in iúl do gach comhalta imréitigh agus cuirfidh sé ceangal ar an CPL iad a íoc nó a bhailiú dá réir.
|
Déanfaidh na comhaltaí imréitigh, gan moill mhíchuí, cur i bhfeidhm na huirlise sin a chur in iúl dá gcliaint, chomh maith leis an mbealach a ndéanann an cur i bhfeidhm sin difear dóibh.