1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach na hinstitiúide chun feidhme ina hiomláine mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an gcúltástáil dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (b), den Rialachán sin, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid an méid seo a leanas mar chuid de na cláir chúltástála sin:
|
(a)
|
an clár cúltástála dá dtagraítear i mír 2 nó clár cúltástála inmheánach eile a reáchtáil lena gcuirtear ar a cumas don institiúid rannchuidiú fachtóirí riosca insamhaltaithe agus neamh-insamhaltaithe leis na torthaí cúltástála a shainaithint;
|
|
(b)
|
cineálacha cur chuige i leith cúltástáil easnaimh ionchasaigh dhírigh a chur i bhfeidhm maidir lena punanna.
|
Chun críocha phointe (b), fíoróidh na húdaráis inniúla an chaoi a spreagann an institiúid an rogha mhodheolaíochta i leith cúltástáil easnaimh ionchasaigh dhírigh a chuireann sí i bhfeidhm, agus déanfaidh siad anailís ar cé acu atá nó nach bhfuil coincheap na modheolaíochta sin fónta.
Féadfaidh an institiúid na cláir chúltástála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid mar eilimint chun easnaimh fhéideartha i ríomh na mbeart easnaimh ionchasaigh a bhrath agus chun faireachán a dhéanamh orthu. I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil cinneadh maidir le cead úsáide chur chuige na samhlacha inmheánacha chun an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325az, ní rachaidh na cláir chúltástála sin in ionad thorthaí na cúltástála rialála dá dtagraítear in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná in ionad na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 325bg den Rialachán sin.