+Airteagal 21 Measúnú ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach i ndáil le cláir cúltástála bhreise
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2

Airteagal 21 Measúnú ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach i ndáil le cláir cúltástála bhreise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach na hinstitiúide chun feidhme ina hiomláine mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an gcúltástáil dá dtagraítear in Airteagal 325bj(3), pointe (b), den Rialachán sin, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid an méid seo a leanas mar chuid de na cláir chúltástála sin:

(a)

an clár cúltástála dá dtagraítear i mír 2 nó clár cúltástála inmheánach eile a reáchtáil lena gcuirtear ar a cumas don institiúid rannchuidiú fachtóirí riosca insamhaltaithe agus neamh-insamhaltaithe leis na torthaí cúltástála a shainaithint;

(b)

cineálacha cur chuige i leith cúltástáil easnaimh ionchasaigh dhírigh a chur i bhfeidhm maidir lena punanna.

Chun críocha phointe (b), fíoróidh na húdaráis inniúla an chaoi a spreagann an institiúid an rogha mhodheolaíochta i leith cúltástáil easnaimh ionchasaigh dhírigh a chuireann sí i bhfeidhm, agus déanfaidh siad anailís ar cé acu atá nó nach bhfuil coincheap na modheolaíochta sin fónta.

Féadfaidh an institiúid na cláir chúltástála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid mar eilimint chun easnaimh fhéideartha i ríomh na mbeart easnaimh ionchasaigh a bhrath agus chun faireachán a dhéanamh orthu. I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil cinneadh maidir le cead úsáide chur chuige na samhlacha inmheánacha chun an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325az, ní rachaidh na cláir chúltástála sin in ionad thorthaí na cúltástála rialála dá dtagraítear in Airteagal 325bf de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná in ionad na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 325bg den Rialachán sin.

Airteagal 21 2

2.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an institiúid clár cúltástála a reáchtáil a chuireann na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

sainaithnítear sárú mar athrú aon lae in HPL MRF nó in

(b)

APL MRF a sháraíonn an tomhas luacha faoi riosca dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

ríomhtar HPL MRF agus APL MRF mar a leanas:

Formula

Formula

I gcás inarb amhlaidh:

—

is iad HPL na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne;

—

is iad APL na hathruithe iarbhír ar luach na punainne;

—

is iad RTPL na hathruithe riosca-theoiriciúla ar luach phunann na hinstitiúide;

—

is iad RTPL MRF na hathruithe riosca-theoiriciúla ar luach phunann na hinstitiúide gan ach athruithe ar fhachtóirí riosca insamhaltaithe a bhreithniú;

(d)

sainaithníonn an institiúid laigí féideartha ina samhail tomhais riosca trí na sáruithe a chomhaireamh, mar a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (a), a tharla i gcaitheamh na 250 lá gnó anuas, agus trí chomparáid a dhéanamh idir méid na sáruithe sainaitheanta agus na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.