|
+Airteagal 4b 6. |
Airteagal 4b 6.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na heilimintí agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 agus na coinníollacha nó na saintréithe eile seo a leanas a bhaineann le cleachtaí PTRR a shonrú tuilleadh:
(a)
cad is neodracht riosca margaidh ann i gcleachtadh PTRR;
(b)
an laghdú riosca is gá i bpunanna arna dtíolacadh;
(c)
an fhéidearthacht punanna measctha ina bhfuil idirbhearta imréitithe agus neamh-imréitithe araon a chuimsiú sa chleachtadh PTRR céanna agus na coinníollacha faoina gceadófaí cuimsiú den sórt sin;
(d)
ceanglais maidir leis an gcleachtadh PTRR a bhainistiú;
(e)
ceanglais le haghaidh cineálacha éagsúla seirbhísí PTRR;
(f)
an próiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na díolúine a deonaíodh; agus
(g)
na critéir nach mór a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuiltear ag dul timpeall ar an oibleagáid imréitigh. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|