|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí aon chonradh díorthach a chuir siad i gcrích agus aon mhodhnú nó foirceannadh i leith an chonartha sin a thuairisciú i gcomhréir le míreanna 1a go 1f den Airteagal seo do stór trádála a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 55 nó a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 77. Déanfar na mionsonraí a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an conradh a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh. Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais, contrapháirtithe neamhairgeadais agus CPLanna atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe nósanna imeachta agus socruithe iomchuí a chur i bhfeidhm chun cáilíocht na sonraí a thuairiscíonn siad i gcomhréir leis an Airteagal seo a áirithiú. I gcás ina gcomhlíonann contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid de ghrúpa na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír, agus ina dtairbhíonn sé den díolúine a leagtar amach sa chúigiú fomhír den mhír seo, tuairisceoidh máthairghnóthas an Aontais den chontrapháirtí neamhairgeadais sin na glansuíomhanna comhiomlána de réir aicme díorthach an chontrapháirtí neamhairgeadais sin dá údarás inniúil ar bhonn seachtainiúil. I gcás contrapháirtí atá bunaithe san Aontas, roinnfidh údarás inniúil an mháthairghnóthais an fhaisnéis le ESMA agus le húdarás inniúil an chontrapháirtí sin. Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach:
(a)
a rinneadh roimh an 12 Feabhra 2014 agus atá fós le híoc an dáta sin;
(b)
a rinneadh an 12 Feabhra 2014 nó tar a éis sin. D'ainneoin Airteagal 3, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach laistigh den ghrúpa céanna i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin, ar a laghad, de na contrapháirtithe nó i gcás ina mbeadh sé incháilithe mar chontrapháirtí neamhairgeadais dá mbeadh sé bunaithe san Aontas, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán;
(b)
tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
(c)
ní contrapháirtí airgeadais é an máthairghnóthas. Tabharfaidh na contrapháirtithe fógra dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu an díolúine dá dtagraítear sa tríú fomhír a chun i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí ach i gcás nach dtiocfaidh na húdaráis inniúla a gcuirtear fógra chucu, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ar chomhaontú maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|