|
+Airteagal 9 6. |
Airteagal 9 6.Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar:
(a)
caighdeáin agus formáidí sonraí na faisnéise a bheidh le tuairisciú, ina mbeidh ceann amháin den mhéid seo a leanas ar a laghad:
(i)
aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEInna);
(ii)
uimhreacha aitheantais idirnáisiúnta urrús ( ISINanna);
(iii)
aitheantóirí uathúla trádála (UTInna);
(b)
na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú;
(c)
minicíocht na dtuarascálacha;
(d)
an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a aontófar ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus a gcomhsheasmhacht leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/2365 ( 17 ) agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|