+Airteagal 17 3.

Airteagal 17 3.

Déanfaidh údarás inniúil an CPL measúnú riosca ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo ag an CPL laistigh den tréimhse a shonraítear faoin dara fomhír (“an tréimhse measúnaithe riosca”).

Déanfar an measúnú riosca laistigh de:

(a) 

80 lá oibre ón dearbhú a leagtar amach i mír 2, an dara fomhír, pointe (a), i gcás ina ndéantar iarratas faoi Airteagal 14(1); nó

(b) 

40 lá oibre ón dearbhú a leagtar amach i mír 2, an dara fomhír, pointe (b), i gcás ina ndéantar iarratas faoi Airteagal 15(1).

Faoi dheireadh na tréimhse measúnaithe riosca, cuirfidh údarás inniúil an CPL a dhréachtchinneadh agus a thuarascáil faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Tar éis an dréachtchinneadh agus an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a fháil, agus ar bhonn na bhfionnachtana a thugtar iontu, déanfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, laistigh de 15 lá oibre, tuairim a ghlacadh de bhun Airteagal 19 lena gcinntear an gcomhlíonann an CPL is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an CPL agus chuig ESMA í i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Féadfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach a áireamh ina thuairim chun aon easnaimh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú.

Tar éis an dréachtchinneadh agus an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a fháil, glacfaidh ESMA tuairim laistigh de 15 lá oibre lena gcinntear an gcomhlíonann an CPL is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 23a(1), pointe (e), Airteagal 23a(2), agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an CPL agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 í.

Féadfaidh ESMA aon choinníoll nó aon mholadh a áireamh ina thuairim a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnamh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.