|
+Airteagal 21 4. |
Airteagal 21 4.Cuirfidh údarás inniúil an CPL tuarascáil faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 go tráthrialta, agus go bliantúil ar a laghad, maidir leis an measúnú agus maidir le torthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear i dtaobh an ndearna údarás inniúil an CPL aon ghníomhaíocht feabhais a iarraidh nó an ndearna sé pionóis a fhorchur. Cumhdófar bliain féilire sa tuarascáil agus cuirfear faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 í faoin 30 Márta den bhliain féilire dár gcionn. Beidh an tuarascáil sin faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, de bhun Airteagal 19, agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b. Féadfaidh ESMA a iarraidh go dtionólfaí cruinniú ad hoc leis an CPL agus lena údarás inniúil. Féadfaidh ESMA cruinniú den sórt sin a iarraidh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás inarb ann d’éigeandáil faoi Airteagal 24;
(b)
i gcás ina bhfuil ábhair imní ábhartha sainaitheanta ag ESMA maidir le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag an CPL;
(c)
i gcás ina measann ESMA go bhféadfadh drochthionchar trasteorann a bheith ag gníomhaíocht an CPL ar a chomhaltaí imréitigh nó ar a gcliaint. Cuirfear in iúl don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 go dtionólfar cruinniú agus gheobhaidh sé achoimre ar phríomhthorthaí an chruinnithe sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|