+Airteagal 21 Athbhreithniú agus meastóireacht
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 4a.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
|
Airteagal 21 Athbhreithniú agus meastóireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 an méid seo uile a leanas ar a laghad i ndáil le CPL:
(a)
athbhreithniú ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann an CPL chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh;
(b)
athbhreithniú ar na seirbhísí nó ar na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an CPL, go háirithe seirbhísí nó gníomhaíochtaí a sholáthraítear tar éis nós imeachta brostaithe de bhun Airteagal 17a nó 49a a chur i bhfeidhm;
(c)
meastóireacht ar na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí airgeadais agus oibríochtúla, a bhfuil CPL neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh CPL a bheith neamhchosanta orthu;
(d)
athbhreithniú ar na hathruithe a chuireann an CPL chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 15a.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Cumhdófar leis an athbhreithniú agus leis an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais uile atá ar CPLanna a leagtar síos sa Rialachán seo. Féadfaidh údarás inniúil an CPL cúnamh a iarraidh ar ESMA i dtaca le haon cheann dá ghníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear iad siúd a liostaítear i mír 1.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dóibh an t-ionchur ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhreithniú, minicíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos, ag féachaint go háirithe do mhéid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht na ngníomhaíochtaí agus don idirnascthacht le bonneagair eile margaidh airgeadais na CPLanna lena mbaineann agus do na tosaíochtaí maoirseachta a dhéanann ESMA a shuí i gcomhréir le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (ba). Déanfaidh na húdaráis inniúla an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ar a laghad. Beidh CPLanna faoi réir cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag údarás inniúil an CPL uair sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh údarás inniúil an CPL ESMA ar an eolas faoi aon chigireacht ar an láthair atá beartaithe mí amháin sula mbeidh an chigireacht sin le déanamh, mura ndéanfar an cinneadh cigireacht ar an láthair a dhéanamh i gcás éigeandála, agus sa chás sin cuirfidh údarás inniúil an CPL ESMA ar an eolas a luaithe a dhéanfar an cinneadh sin. Féadfaidh ESMA a iarraidh a bheith i láthair ag cigireachtaí ar an láthair. I gcás, tar éis iarraidh ó ESMA de bhun an dara fomhír, ina ndiúltaíonn údarás inniúil an CPL cuireadh a thabhairt do ESMA bheith i láthair ag cigireacht ar an láthair, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe ar dhiúltú den sórt sin. Gan dochar don dara fomhír agus don tríú fomhír, déanfaidh údarás inniúil an CPL aon fhaisnéis ábhartha a fhaightear ón CPL i ndáil leis na cigireachtaí uile ar an láthair a dhéanann sé a chur ar aghaidh chuig ESMA agus chuig comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Cuirfidh údarás inniúil an CPL tuarascáil faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 go tráthrialta, agus go bliantúil ar a laghad, maidir leis an measúnú agus maidir le torthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear i dtaobh an ndearna údarás inniúil an CPL aon ghníomhaíocht feabhais a iarraidh nó an ndearna sé pionóis a fhorchur. Cumhdófar bliain féilire sa tuarascáil agus cuirfear faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 í faoin 30 Márta den bhliain féilire dár gcionn. Beidh an tuarascáil sin faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, de bhun Airteagal 19, agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b. Féadfaidh ESMA a iarraidh go dtionólfaí cruinniú ad hoc leis an CPL agus lena údarás inniúil. Féadfaidh ESMA cruinniú den sórt sin a iarraidh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás inarb ann d’éigeandáil faoi Airteagal 24;
(b)
i gcás ina bhfuil ábhair imní ábhartha sainaitheanta ag ESMA maidir le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag an CPL;
(c)
i gcás ina measann ESMA go bhféadfadh drochthionchar trasteorann a bheith ag gníomhaíocht an CPL ar a chomhaltaí imréitigh nó ar a gcliaint.
Cuirfear in iúl don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 go dtionólfar cruinniú agus gheobhaidh sé achoimre ar phríomhthorthaí an chruinnithe sin.
|
|
Airteagal 21 4a.
|
Féadfaidh ESMA a cheangal ar údaráis inniúla an fhaisnéis is gá a sholáthar dó chun a chúraimí a dhéanamh de bhun an Airteagail seo i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 21 5.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar aon chontrapháirtí lárnach nach mbeidh ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige tabhairt faoi na gníomhaíochtaí nó na céimeanna is gá go luath chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin.
|
|
Airteagal 21 6.
|
Faoin 2 Eanáir 2021, d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú i bhformáid, minicíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir leis an Airteagal seo, eiseoidh ESMA treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena sonrófar níos mó, ar bhealach a bheidh iomchuí do mhéid, do struchtúr agus d’eagrúchán inmheánach na CPLanna agus do chineál, do raon feidhme agus do chastacht a gcuid gníomhaíochtaí, na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh an phróisis maoirseachta um athbhreithniú agus meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 agus sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|