+Airteagal 24a 2.

Airteagal 24a 2.

Beidh a leanas ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna:

(a) 

an Cathaoirleach, ag a mbeidh cead vótála;

(b) 

beirt chomhaltaí neamhspleácha, ag a mbeidh cead vótála;

(c) 

údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo le CPL údaraithe, a bheidh ag vótáil; i gcás ina n-ainmneoidh an Ballstát níos mó ná údarás amháin mar údarás inniúil, féadfaidh gach ceann d’údaráis inniúla an Bhallstáit sin a chinneadh ionadaí amháin a cheapadh chun a bheith rannpháirteach de bhun na míre seo; i gcás na nósanna imeachta vótála a leagtar amach in Airteagal 24c, áfach, measfar ionadaithe uile an Bhallstáit a bheidh i gceist mar aon chomhalta vótála amháin.

(d) 

Na bainc cheannais eisiúna seo a leanas:

(i) 

i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i dtaca le CPLanna tríú tír, i leith ullmhúchán gach cinnidh dá mbaineann le hAirteagail dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo maidir le CPLanna Leibhéal 2 agus le hAirteagal 25(2a), na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bhfuil comhaltacht ar an gCoiste Maoirseachta CPL iarrtha acu, ach nach mbeidh cead vótála acu;

▼M18

(ii) 

i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i ndáil le CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, i gcomhthéacs pléití a bhaineann le mír 7 den Airteagal seo, bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPLanna údaraithe a bhfuil comhaltacht sa Choiste Maoirseachta do CPLanna iarrtha acu, agus nach mbeidh cead vótála acu.

▼M14

Tabharfar comhaltacht go huathoibríoch chun críche fhophointe (i) agus fophointe (ii), arna iarraidh sin aon uair amháin i scríbhinn ar an gCathaoirleach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.