|
+Airteagal 25 5. |
Airteagal 25 5.Déanfaidh ESMA, ar dhul i gcomhairle leis na húdaráis agus eintitis dá dtagraítear i mír 3, athbhreithniú ar an aitheantas a thugtar do CPL atá bunaithe i dtríú tír:
(a)
má tá rún ag an CPL sin raon a chuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a leathnú nó a laghdú san Aontas, cuirfidh an CPL sin in iúl do ESMA agus tíolacfaidh sé gach faisnéis riachtanach; agus
(b)
i gcás ar bith, gach 5 bliana, ar a laghad. Déanfar an t-athbhreithniú sin i gcomhréir le míreanna 2 go 4. I gcás ina ndéantar an t-athbhreithniú i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní cheanglófar ar an CPL iarratas nua ar aitheantas a thíolacadh ach soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun gur féidir le EMSA athbhreithniú a dhéanamh ar a aitheantas. I gcás ina ndéanann ESMA athbhreithniú ar aitheantas CPL atá bunaithe i dtríú tír i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní dhéileálfaidh ESMA le hathbhreithniú den sórt sin mar iarratas ar aitheantas don CPL aitheanta ábhartha. I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gur cheart CPL tríú tír a aicmíodh mar CPL Leibhéal 1 a aicmiú mar CPL Leibhéal 2, socróidh ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 18 mí ar lena linn nach mór don CPL na ceanglais dá dtagraítear i mír 2b a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse oiriúnaithe sin ar iarraidh réasúnaithe ón CPL nó ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhaltaí imréitigh, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síniú sin de bharr imthosca eisceachtúla agus impleachtaí do na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|