+Airteagal 49 5.

Airteagal 49 5.

Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh;

(a) 

cad is méadú nó laghdú suntasach ann chun críocha mhír 1i, pointí (a) agus (c) go (h);

(b) 

na gnéithe atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1i;

(c) 

athruithe eile ar shamhlacha ar féidir a mheas go bhfuil siad cumhdaithe cheana leis an tsamhail fhormheasta agus, dá bhrí sin, nach meastar gur athrú samhla iad agus nach bhfuil siad faoi réir na nósanna imeachta a bhunaítear san Airteagal seo nó in Airteagal 49a; agus

(d) 

na liostaí de na doiciméid a cheanglaítear agus atá le bheith ag gabháil le hiarratas ar bhailíochtú de bhun mhír 1c den Airteagal seo agus Airteagal 49a agus an fhaisnéis atá le bheith i ndoiciméid den sórt sin chun a léiriú go gcomhlíonann an CPL ceanglais ábhartha uile an Rialacháin seo.

Beidh na doiciméid agus an leibhéal faisnéise a cheanglaítear i gcomhréir le cineál an bhailíochtaithe samhla ach beidh dóthain mionsonraí iontu chun anailís chuí ar an athrú a áirithiú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfaidh ESMA luachanna éagsúla a shocrú i gcás na bpointí éagsúla i mír 1i.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.