|
+Airteagal 15 2. |
Airteagal 15 2.Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chód iompair:
(a)
tuairisc shoiléir ar na sonraí ionchuir a bheidh le soláthar agus na ceanglais is gá chun a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir á soláthar i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 14;
(b)
na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir a aithint agus na nósanna imeachta chun céannacht rannchuiditheora agus aon aighnitheoirí a fhíorú, chomh maith le húdarú aon aighnitheoirí a rannchuidíonn sonraí ionchuir thar ceann an rannchuiditheora;
(c)
beartais chun a áirithiú go soláthraíonn rannchuiditheoir na sonraí ionchuir ábhartha ar fad;
(d)
na córais agus na rialuithe nach mór do rannchuiditheoir a bhunú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(i)
nósanna imeachta chun sonraí ionchuir a rannchuidiú, lena n-áirítear ceanglais ar an rannchuiditheoir a shonrú an sonraí idirbhirt iad na sonraí ionchuir agus i dtaobh an bhfuil riachtanais an riarthóra á gcomhlíonadh ag sonraí ionchuir;
(ii)
beartais maidir le húsáid lánrogha agus sonraí ionchuir á rannchuidiú;
(iii)
aon cheanglas a bhaineann le sonraí ionchuir a bhailíochtú sula gcuirtear ar fáil don riarthóir iad;
(iv)
beartais coimeádta taifead;
(v)
ceanglais maidir tuairisciú a bhaineann le sonraí ionchuir amhrasta;
(vi)
ceanglais a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|