|
+IARSCRÍBHINN I |
IARSCRÍBHINN I
IARSCRÍBHINN I TAGARMHARCANNA RÁTA ÚIS Sonraí cruinne agus leordhóthanacha 1. Chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 11(1), is é a bheidh go ginearálta i dtosaíocht úsáide na sonraí ionchuir an méid seo a leanas:
(a)
idirbhearta rannchuiditheora sa bhunmhargadh a fhéachann na tagarmharc a thomhas nó, mura leor sin, a chuid idirbheart sna margaí gaolmhara, amhail:
—
an margadh taiscí idirbhainc neamhurraithe;
—
margaí taiscí neamhurraithe eile, lena n-áirítear deimhnithe taisce agus páipéar tráchtála; agus
—
margaí eile amhail babhtálacha innéacsanna thar oíche, comhaontuithe athcheannaigh, réamhchonarthaí i malairt eachtrach, todhchaíochtaí agus roghanna ráta úis, ar choinníoll go gcomhlíonann na hidirbhearta sin ceanglais na sonraí ionchuir sa chód iompair;
(b)
breathnóireachtaí rannchuiditheora ar idirbhearta tríú páirtí sna margaí a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (a);
(c)
luachana geallta;
(d)
luachana táscacha nó breithiúnais saineolaí. 2. Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(4), féadfar sonraí ionchuir a choigeartú. Féadfar, go háirithe, sonraí ionchuir a choigeartú trí na critéir seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a)
gaireacht na n-idirbheart do thráth sholáthar na sonraí ionchuir agus tionchar aon teagmhais mhargaidh idir tráth na n-idirbheart agus tráth sholáthar na sonraí ionchuir;
(b)
idirshuíomh nó eachtarshuíomh ó shonraí idirbheart; agus
(c)
coigeartuithe chun athruithe ar acmhainneacht creidmheasa na rannchuiditheoirí agus na rannpháirtithe eile sa mhargadh a léiriú. Feidhm formhaoirseachta 3. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas in ionad cheanglais Airteagal 5(4) agus (5).
(a)
beidh coiste formhaoirseachta neamhspleách ag riarthóir tagarmhairc ráta úis. Cuirfear mionsonraí bhallraíocht an choiste sin ar fáil go poiblí, mar aon le haon dearbhuithe maidir le haon choinbhleacht leasa agus na próisis a bhaineann lena chomhaltaí a thoghadh nó a ainmniú;
(b)
beidh cruinniú amháin, ar a laghad, ag an gcoiste formhaoirseachta gach ceithre mhí agus coimeádfar miontuairiscí ar gach cruinniú den sórt sin;
(c)
feidhmeoidh coiste formhaoirseachta riarthóra tagarmhairc rátaí úis le hionracas agus beidh ag an gcoiste na freagrachtaí uile dá bhforáiltear in Airteagal 5(3). Iniúchóireacht 4. Ceapfaidh riarthóir tagarmhairc ráta úis iniúchóir seachtrach neamhspleách chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid atá an riarthóir ag cloí le modheolaíocht an tagarmhairc agus leis an Rialachán seo. Déanfar an iniúchadh seachtrach ar an riarthóir don chéad uair 6 mhí tar éis an cód iompair a thabhairt isteach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Féadfaidh an coiste formhaoirseachta a éileamh go ndéanfar iniúchadh seachtrach ar rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis mura bhfuil sé sásta le haon ghné dá iompar. Córais agus rialuithe rannchuiditheoirí 5. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le gach rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 16(5). 6. Tabharfaidh aighnitheoir gach rannchuiditheora agus bainisteoirí díreacha an aighnitheora sin dearbhú i scríbhinn go bhfuil an cód iompair léite acu agus go mbeidh an cód iompair sin á chomhlíonadh acu. 7. Beidh na nithe seo a leanas san áireamh i gcórais agus rialuithe de chuid rannchuiditheora:
(a)
achoimre ar na freagrachtaí a bhaineann le gach gnólacht, lena n-áirítear línte inmheánacha tuairiscithe agus cuntasachta, lena n-áirítear an áit a bhfuil na haighnitheoirí agus na bainisteoirí lonnaithe agus ainmneacha na ndaoine agus na malartach ábhartha;
(b)
nósanna imeachta inmheánacha chun síniú a fháil i ndáil le rannchuidithe sonraí ionchuir;
(c)
nósanna imeachta araíonachta i ndáil le hiarrachtaí cúblála, nó mainneachtain tuairisciú a dhéanamh, nó cúbláil iarbhír nó iarracht ar chúbláil i measc páirtithe lasmuigh den phróiseas rannchuidithe;
(d)
nósanna imeachta agus rialuithe cumarsáide éifeachtacha coinbhleachtaí leasa, i measc rannchuiditheoirí agus idir rannchuiditheoirí agus tríú páirtithe eile, chun aon tionchar míchuí seachtrach orthu siúd atá freagrach as soláthar rátaí a sheachaint. Beidh aighnitheoirí ag obair ag suímh atá scartha go fisiciúil ó thrádálaithe díorthach ráta úis;
(e)
nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise idir daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a mbaineann coinbhleacht leasa leo a chosc nó a rialú sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an malartú faisnéise sin ar na sonraí tagarmhairc a cuireadh ar fáil;
(f)
rialacha chun claonpháirteachas i measc rannchuiditheoirí, agus idir rannchuiditheoirí agus riarthóirí tagarmharcanna a sheachaint;
(g)
bearta chun aon duine a chosc, nó a theorannú, ó thionchar míchuí a chur i bhfeidhm ar an tslí a gcuireann na daoine atá páirteach i soláthar na sonraí ionchuir na gníomhaíochtaí sin i gcrích;
(h)
deireadh a chur le haon nasc díreach idir luach saothair na bhfostaithe a bhfuil baint acu le soláthar sonraí ionchuir agus luach saothair, nó ioncaim cruthaithe ag daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíocht eile, sa chás go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin;
(i)
rialuithe chun aon idirbheart aisiompaithe a tharlaíonn i ndiaidh sholáthar na sonraí ionchuir a aithint. 8. Coimeádfaidh rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis taifid mhionsonraithe ar na nithe seo a leanas:
(a)
gach gné ábhartha de rannchuidithe sonraí ionchuir;
(b)
an próiseas lena rialaítear cinneadh na sonraí ionchuir agus síniú a chur leis na sonraí ionchuir;
(c)
ainmneacha na n-aighnitheoirí agus a gcuid freagrachtaí;
(d)
aon chumarsáid idir na haighnitheoirí agus daoine eile, lena n-áirítear trádálaithe agus bróicéirí inmheánacha agus seachtracha, i ndáil le cinneadh nó le rannchuidiú sonraí ionchuir;
(e)
aon idirghníomhaíocht idir na haighnitheoirí agus an riarthóir nó aon ghníomhaire ríofa;
(f)
fiosrú ar bith a bhaineann leis na sonraí ionchuir agus an toradh a bheidh leis na fiosruithe sin;
(g)
tuarascálacha íogaireachta do leabhair thrádála babhtála ráta úis agus aon leabhar trádála díorthach eile ag a bhfuil neamhchosaint shuntasach ar shocruithe rátaí úis i ndáil le sonraí ionchuir; 9. Coimeádfar taifid i bhfoirm a chiallóidh go mbeidh an stóráil faisnéise inrochtana le haghaidh tagairt amach anseo agus gur ann do rian iniúchta doiciméadaithe. 10. Déanfaidh feidhm chomhlíonta an rannchuiditheora le tagarmharc ráta úis aon torthaí, lena n-áirítear idirbhearta aisiompaithe, a thuairisciú don bhainistíocht ar bhonn rialta. 11. Beidh sonraí ionchuir agus nósanna imeachta faoi réir athbhreithnithe inmheánacha rialta. 12. Déanfar iniúchadh seachtrach ar shonraí ionchuir rannchuiditheora le tagarmharc ráta úis, mar aon le comhlíonadh leis an gcód iompair agus le forálacha an Rialacháin seo don chéad uair sé mhí tar éis an cód iompair a thabhairt isteach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|