20. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le fáil trí na cláir lárnacha agus trí chóras idirnasctha na gclár lárnach ar feadh 5 bliana tar éis don eintiteas dlítheanach a bheith díscaoilte nó tar éis deireadh a theacht leis an socrú dlíthiúil.
Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna sonracha, cead a thabhairt an fhaisnéis sin a choinneáil, nó a cheangal go gcoinneofar an fhaisnéis sin, ar feadh uastréimhse bhreise 5 bliana, i gcás inar chinn na Ballstáit go bhfuil gá leis an gcoinneáil bhreise sin agus go bhfuil sí comhréireach chun sciúradh airgid, nó maoiniú sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
Ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit go scriosfar na sonraí pearsanta ó na cláir lárnacha.