|
+Airteagal 13 6 |
Airteagal 13 66. Ón 10 Samhain 2026, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha an fíorú dá dtagraítear i mír 1 agus go dtabharfaidh siad freagra don iarratasóir laistigh de 12 lá oibre. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás líon ard tobann iarrataí ar rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de bhun an Airteagail seo, féadfar síneadh 12 lá oibre a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt don iarratasóir. Más rud é, tar éis don síneadh dul in éag, go bhfuil líon na n-iarrataí a thagann isteach fós ard, féadfar síneadh 12 lá oibre bhreise a chur leis an sprioc-am sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra tráthúil don Choimisiún maidir le haon síneadh dá dtagraítear sa dara mhír. I gcás ina gcinneann eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha rochtain a thabhairt ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, eiseoidh siad deimhniú lena ndeonófar rochtain ar feadh 3 bliana. Tabharfaidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha freagra ar aon iarraidh a dhéanfaidh an duine céanna ina dhiaidh sin ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a rochtain laistigh de 7 lá oibre. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|