+Airteagal 13 Nós imeachta i ndáil le fíorú agus aitheantas frithpháirteach an leasa dhlisteanaigh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4
---+Airteagal 13 5
---+Airteagal 13 6
---+Airteagal 13 7
---+Airteagal 13 8
---+Airteagal 13 9
---+Airteagal 13 10
---+Airteagal 13 11
---+Airteagal 13 12
|
Airteagal 13 Nós imeachta i ndáil le fíorú agus aitheantas frithpháirteach an leasa dhlisteanaigh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 10 bearta chun a fhíorú go bhfuil an leas dlisteanach dá dtagraítear in Airteagal 12 ann ar bhonn na ndoiciméad, na faisnéise agus na sonraí a gheofar ón duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an gclár lárnach (‘iarratasóir’) agus, i gcás inar gá, ar bhonn faisnéis atá ar fáil dóibh de bhun Airteagal 12(3).
|
|
Airteagal 13 2
|
2. Cinnfear an ann do leas dlisteanach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil tríd an méid seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a)
|
feidhm nó gairm an iarratasóra; agus
|
|
(b)
|
cé is moite de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 12(2,) an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), an nasc leis na heintitis dhlítheanacha shonracha nó na socruithe dlíthiúla sonracha a bhfuil a bhfaisnéis á lorg.
|
|
|
Airteagal 13 3
|
3. I gcás ina n-iarrfaidh duine a ndearna clár lárnach Ballstáit eile fíorú cheana féin ar a leas dlisteanach rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi cheann de na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 12(2), an chéad fhomhír, rochtain a fháil ar fhaisnéis, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar clár lárnach Ballstát eile fíorú an choinníll a leagtar síos i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo a chomhlíonadh trí chruthúnas a bhailiú maidir leis an leas dlisteanach arna eisiúint ag clár lárnach an Bhallstáit eile sin.
Féadfaidh na Ballstáit an nós imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí breise arna sainaithint ag Ballstáit eile de bhun Airteagal 12(2), an dara fomhír.
|
|
Airteagal 13 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha céannacht na n-iarratasóirí aon uair a bheidh rochtain acu ar na cláir. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh próisis leordhóthanacha ar fáil chun céannacht an iarratasóra a fhíorú, lena n-áirítear trí úsáid modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha a cheadú mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).
|
|
Airteagal 13 5
|
5. Chun críocha mhír 2, pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí ar bun sna cláir lárnacha chun rochtain leantach a thabhairt do dhaoine a bhfuil leas dlisteanach acu rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil gan gá le measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhm ná ar a ngairm aon uair a bheidh rochtain á fáil acu ar an bhfaisnéis.
|
|
Airteagal 13 6
|
6. Ón 10 Samhain 2026, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha an fíorú dá dtagraítear i mír 1 agus go dtabharfaidh siad freagra don iarratasóir laistigh de 12 lá oibre.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás líon ard tobann iarrataí ar rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de bhun an Airteagail seo, féadfar síneadh 12 lá oibre a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt don iarratasóir. Más rud é, tar éis don síneadh dul in éag, go bhfuil líon na n-iarrataí a thagann isteach fós ard, féadfar síneadh 12 lá oibre bhreise a chur leis an sprioc-am sin.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra tráthúil don Choimisiún maidir le haon síneadh dá dtagraítear sa dara mhír.
I gcás ina gcinneann eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha rochtain a thabhairt ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, eiseoidh siad deimhniú lena ndeonófar rochtain ar feadh 3 bliana. Tabharfaidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha freagra ar aon iarraidh a dhéanfaidh an duine céanna ina dhiaidh sin ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a rochtain laistigh de 7 lá oibre.
|
|
Airteagal 13 7
|
7. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndiúltóidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil ach amháin ar cheann amháin de na forais seo a leanas:
|
(a)
|
níor chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis nó na doiciméid is gá ar fáil de bhun mhír 1;
|
|
(b)
|
níor léiríodh leas dlisteanach maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil;
|
|
(c)
|
i gcás, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh, ina bhfuil ábhar imní réasúnach ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach nach n-úsáidfear an fhaisnéis chun na gcríoch dár iarradh í nó go n-úsáidfear an fhaisnéis chun críocha nach bhfuil bainteach le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc;
|
|
(d)
|
beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15;
|
|
(e)
|
sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, ní chumhdaítear leis an leas dlisteanach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil arna deonú ag clár lárnach Ballstáit eile na críocha dá bhfuil an fhaisnéis á lorg;
|
|
(f)
|
i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir i dtríú tír agus nach mbeadh sé i gcomhréir le forálacha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 freagra a thabhairt ar an iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféachfaidh na heintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha an bhféadfaí faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a iarraidh ar an iarratasóir sula ndiúltófaí d’iarraidh ar rochtain ar na forais a liostaítear i bpointí (a), (b), (c) agus (e) den chéad fhomhír. I gcás ina n- iarrfaidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha faisnéis bhreise, cuirfear síneadh 7 lá oibre leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt.
|
|
Airteagal 13 8
|
8. I gcás ina ndiúltóidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha rochtain a thabhairt ar fhaisnéis de bhun mhír 7, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna leis an diúltú agus faoina gceart chun sásaimh. Déanfaidh an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach doiciméadú ar na céimeanna a glacadh chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh agus chun faisnéis bhreise a fháil de bhun mhír 7, an dara fomhír.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha in ann rochtain a chúlghairm i gcás ina dtagann aon cheann de na forais a liostaítear i mír 7 chun bheith ann nó i gcás ina dtagann sé chun bheith’ ar an eolas ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach tar éis an rochtain sin a bheith deonaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn cúlghairme arna déanamh ag clár lárnach i mBallstát eile.
|
|
Airteagal 13 9
|
9. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil leigheasanna breithiúnacha nó riaracháin curtha ar bun acu chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú nó chúlghairm na rochtana de bhun mhír 7.
|
|
Airteagal 13 10
|
10. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha in ann an fheidhm nó an ghairm a shainaithnítear faoi mhír 2, pointe (a), a fhíorú arís ó am go ham agus in aon chás tráth nach luaithe ná 12 mhí tar éis rochtain a dheonú, ach amháin má tá forais réasúnacha ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach lena chreidiúint nach ann don leas dlisteanach a thuilleadh.
|
|
Airteagal 13 11
|
11. Ceanglóidh na Ballstáit ar dhaoine dár deonaíodh rochtain de bhun an Airteagail seo fógra a thabhairt don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach faoi athruithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le scor de leas dlisteanach bailí, lena n-áirítear athruithe a bhaineann lena bhfeidhm nó lena ngairm.
|
|
Airteagal 13 12
|
12. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád ina gcláir lárnacha a chur ar fáil do na hiarratasóirí ar tháille a íoc, a bheidh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na costais a chumhdach a bhaineann le cáilíocht na faisnéise atá á coimeád sna cláir sin a áirithiú agus leis an bhfaisnéis a chur ar fáil. Bunófar na táillí sin ar bhealach nach mbainfear an bonn den rochtain éifeachtach ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|