8. I gcás ina ndiúltóidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha rochtain a thabhairt ar fhaisnéis de bhun mhír 7, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna leis an diúltú agus faoina gceart chun sásaimh. Déanfaidh an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach doiciméadú ar na céimeanna a glacadh chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh agus chun faisnéis bhreise a fháil de bhun mhír 7, an dara fomhír.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha in ann rochtain a chúlghairm i gcás ina dtagann aon cheann de na forais a liostaítear i mír 7 chun bheith ann nó i gcás ina dtagann sé chun bheith’ ar an eolas ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach tar éis an rochtain sin a bheith deonaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn cúlghairme arna déanamh ag clár lárnach i mBallstát eile.