3. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad chun go nglacfaí iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin na critéir ábharthachta agus roghnúcháin agus cinneadh á dhéanamh an mbaineann tuairisc a chuirtear isteach de bhun Airteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1624 le Ballstát eile dá dtagraítear i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1624.