+Airteagal 34 Toiliú maidir le faisnéis arna malartú idir FIUnna a scaipeadh tuilleadh
---+Airteagal 34 1
---+Airteagal 34 2
---+Airteagal 34 3
---+Airteagal 34 4
|
Airteagal 34 Toiliú maidir le faisnéis arna malartú idir FIUnna a scaipeadh tuilleadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis arna malartú de bhun Airteagail 29, 31 agus 32 ach amháin chun na críche dár iarradh í nó dár soláthraíodh í agus go mbeidh aon scaipeadh a dhéanfaidh an FIU a fhaigheann an fhaisnéis ar an bhfaisnéis sin ar aon údarás, gníomhaireacht nó roinn eile, nó aon úsáid eile a bhaintear as an bhfaisnéis sin chun críocha seachas iad sin a formheasadh ar dtús, faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón FIU a bhfuil an fhaisnéis á soláthar aige.
Ní bheidh feidhm ag ceanglais na chéad fhomhíre den mhír seo i gcás inarb éard atá san fhaisnéis arna soláthar ag FIU, tuairisc arna cur isteach ag eintiteas faoi oibleagáid de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 a bhaineann le Ballstát eile ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus nach bhfuil aon nasc aici le Ballstát an FIU a sholáthraíonn an fhaisnéis.
|
|
Airteagal 34 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit, go dtoileoidh FIU faighte na hiarrata go pras go scaipfí an fhaisnéis ar údaráis inniúla agus a mhéid is mó is féidir, gan beann ar chineál na gcionta preideacáide, agus gan beann ar an gcion preideacáide a bheith sainaitheanta nó gan a bheith sainaitheanta. Ní dhiúltóidh FIU faighte na hiarrata toiliú leis an scaipeadh sin ach amháin más rud é go mbeadh sé sin lasmuigh de raon feidhme chur i bhfeidhm a fhorálacha AML/CFT nó go bhféadfadh lagú ar imscrúdú teacht dá thoradh, nó go mbeadh sé ar neamhréir ar shlí eile le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Déanfar aon diúltú ar thoiliú a dheonú a mhíniú go hiomchuí. Na cásanna inar féidir le FIUnna diúltú toiliú a dheonú, sonrófar iad ar shlí a gcuireann cosc ar mhí-úsáid a bhaint as scaipeadh faisnéise ar údaráis inniúla, agus ar shrianta míchuí ar an scaipeadh sin.
|
|
Airteagal 34 3
|
3. Faoin 10 Iúil 2028, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na himthosca eisceachtúla a fhágann nach mbeadh scaipeadh na faisnéise i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha an dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh na Ballstáit na fógraí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina dtagann athruithe ar na himthosca eisceachtúla arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta.
Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite na bhfógraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 34 4
|
4. Faoin 10 Iúil 2029, cuirfidh an Coimisiún tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú i dtaobh bonn cirt a bheith leis na himthosca eisceachtúla ar tugadh fógra fúthu de bhun mhír 3.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|