+Airteagal 37 Cumhachtaí agus acmhainní maoirseoirí náisiúnta
---+Airteagal 37 1
---+Airteagal 37 2
---+Airteagal 37 3
---+Airteagal 37 4
---+Airteagal 37 5
---+Airteagal 37 6
---+Airteagal 37 7
|
Airteagal 37 Cumhachtaí agus acmhainní maoirseoirí náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1
|
1. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach eintiteas faoi oibleagáid atá bunaithe ar a chríoch, cé is moite de na himthosca a chumhdaítear in Airteagal 38, faoi réir maoirseacht leordhóthanach agus éifeachtach. Chuige sin, ceapfaidh gach Ballstát maoirseoir amháin nó níos mó chun faireachán éifeachtach a dhéanamh, agus chun na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh na heintitis faoi oibleagáid Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113.
Más rud é, ar chúiseanna leasa ghinearálta sháraithigh, go bhfuil ceanglais údarúcháin shonracha tugtha isteach ag na Ballstáit d’eintitis faoi oibleagáid chun oibriú ar a gcríoch faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaíochtaí na n-eintiteas sin faoi oibleagáid faoi na húdaruithe sonracha sin faoi réir mhaoirseacht a maoirseoirí náisiúnta, gan beann ar cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar na gníomhaíochtaí trí bhonneagar ina gcríoch nó go cianda. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go dtabharfar fógra faoi mhaoirseacht faoin bhfomhír seo do mhaoirseoirí an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a ghníomhaíonn AMLA mar mhaoirseoir.
|
|
Airteagal 37 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla leordhóthanacha ag maoirseoirí chun a gcúraimí a liostaítear i mír 5 a chomhlíonadh. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardleibhéal ionracais ag foireann na n-údarás sin agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu, agus go gcoimeádfaidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear caighdeáin maidir le rúndacht agus maidir le cosaint sonraí agus caighdeáin lena dtugtar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa.
|
|
Airteagal 37 3
|
3. I gcás na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1624, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfaidh comhlachtaí féinrialála na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll go mbeidh ag na comhlachtaí féinrialála sin na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla acu chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardleibhéal ionracais ag foireann na gcomhlachtaí sin agus go mbeidh na scileanna iomchuí acu, agus go gcoimeádfaidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear caighdeáin maidir le rúndacht agus maidir le cosaint sonraí agus caighdeáin lena dtugtar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa.
|
|
Airteagal 37 4
|
4. I gcás ina gcuirfidh Ballstát maoirseacht ar chatagóir eintiteas faoi oibleagáid de chúram ar níos mó ná maoirseoir amháin, áiritheoidh sé go ndéanfaidh na maoirseoirí sin maoirseacht ar eintitis faoi oibleagáid ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtúil ar fud na hearnála. Chuige sin, ceapfaidh an Ballstát sin príomh-mhaoirseoir nó bunóidh sé sásra comhordúcháin i measc na maoirseoirí sin.
I gcás ina gcuirfidh Ballstát maoirseacht ar na heintitis uile faoi oibleagáid de chúram ar níos mó ná maoirseoir amháin, bunóidh sé sásra comhordúcháin i measc na maoirseoirí sin chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach ar eintitis faoi oibleagáid de réir na gcaighdeán is airde. Áireofar leis an sásra comhordúcháin sin na maoirseoirí uile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
cuirtear an mhaoirseacht de chúram ar chomhlacht féinrialála, agus sa chás sin beidh an t-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 52 rannpháirteach sa sásra comhordúcháin;
|
|
(b)
|
cuirtear maoirseacht ar chatagóir eintiteas faoi oibleagáid de chúram ar roinnt maoirseoirí, agus sa chás sin glacfaidh an príomh-mhaoirseoir páirt sa sásra comhordúcháin; i gcás nár ceapadh aon phríomh-mhaoirseoir, ainmneoidh maoirseoirí ionadaí as a measc.
|
|
|
Airteagal 37 5
|
5. Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na maoirseoirí náisiúnta na cúraimí seo a leanas:
|
(a)
|
faisnéis ábhartha a scaipeadh ar eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 39;
|
|
(b)
|
cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna sin ina bhfuil na rioscaí sonracha is dual d'earnáil soiléir intuigthe agus nach bhfuil gá le measúnuithe riosca doiciméadaithe aonair de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/1624.
|
|
(c)
|
leordhóthanacht agus cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha na n-eintiteas faoi oibleagáid de bhun Chaibidil II de Rialachán (AE) 2024/1624 agus leordhóthanacht agus cur chun feidhme na n-acmhainní daonna a leithdháiltear ar fheidhmiú na gcúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán sin a fhíorú agus, i gcás maoirseoirí gnóthas comhinfheistíochta, cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna sin ina bhféadfaidh an gnóthas comhinfheistíochta tuairisciú gníomhaíochtaí amhrasacha a sheachfhoinsiú de bhun Airteagal 18(7), de Rialachán (AE) 2024/1624 chuig soláthraí seirbhíse;
|
|
(d)
|
measúnú agus faireachán tráthrialta a dhéanamh ar na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta chomh maith leis na rioscaí go ndéanfaí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a sheachaint agus nach gcuirfí iad chun feidhme a bhfuil na heintitis faoi oibleagáid neamhchosanta orthu;
|
|
(e)
|
faireachán a dhéanamh go bhfuil a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh ag eintitis faoi oibleagáid a mhéid a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;
|
|
(f)
|
na himscrúduithe riachtanacha ar fad, idir imscrúduithe lasmuigh den láthair, cigireachtaí ar an láthair agus seiceálacha téamacha, agus aon seiceálacha, measúnuithe agus anailísí eile is gá a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíonann eintitis faoi oibleagáid Rialachán (AE) 2024/1624, agus aon bhearta riaracháin arna ndéanamh de bhun Airteagal 56;
|
|
(g)
|
bearta maoirseachta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon sáruithe ar na ceanglais is infheidhme arna ndéanamh ag na heintitis faoi oibleagáid a shainaithnítear sa phróiseas um measúnuithe maoirseachta agus obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sin.
|
|
|
Airteagal 37 6
|
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí leordhóthanacha ag na maoirseoirí chun a gcúraimí dá bhforáiltear i mír 5 a chomhlíonadh, lena n-áirítear an chumhacht chun:
|
(a)
|
iallach a chur ar eintitis faoi oibleagáid aon fhaisnéis a thabhairt ar aird atá ábhartha chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2024/1624 nó Rialachán (AE) 2023/1113 agus seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear ó sholáthraithe seirbhíse a ndearna an t-eintiteas faoi oibleagáid cuid dá chúraimí a sheachfhoinsiú chucu chun ceanglais na Rialachán sin a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
bearta riaracháin comhréireacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun an cás a leigheas i gcás sáruithe, lena n-áirítear trí smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcomhréir le Roinn 4 den Chaibidil seo.
|
|
|
Airteagal 37 7
|
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí ag maoirseoirí airgeadais agus ag maoirseoirí atá i gceannas ar sholáthraithe seirbhísí cearrbhachais sa bhreis ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 6, lena n-áirítear an chumhacht chun cigireacht a dhéanamh ar áitreabh gnó an eintitis faoi oibleagáid gan fógra roimh ré, i gcás ina n-éilítear sin le feidhmiú agus éifeachtúlacht na cigireachta mar is ceart, agus go bhfuil na modhanna uile is gá acu chun an cigireacht sin a dhéanamh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh na maoirseoirí in ann an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:
|
(a)
|
leabhair agus taifid an eintitis faoi oibleagáid a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair agus de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu;
|
|
(b)
|
rochtain a fháil ar aon bhogearraí, bunachair sonraí, uirlisí TF nó meán leictreonach eile chun faisnéis a thaifeadadh atá in úsáid ag an eintiteas faoi oibleagáid;
|
|
(c)
|
faisnéis i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó aon duine atá freagrach as beartais, nósanna imeachta, agus rialuithe inmheánacha AML/CFT nó óna n-ionadaithe nó a mbaill foirne, chomh maith le haon ionadaí nó foireann de chuid eintiteas a ndearna an t-eintiteas faoi oibleagáid cúraimí a sheachfhoinsiú chuige de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/1624, agus agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn dul faoi agallamh chun faisnéis a bhaineann le hábhar imscrúdaithe a bhailiú.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|