+Airteagal 55 Smachtbhannaí airgid
---+Airteagal 55 1
---+Airteagal 55 2
---+Airteagal 55 3
---+Airteagal 55 4
---+Airteagal 55 5
|
Airteagal 55 Smachtbhannaí airgid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 55 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforchuirfear smachtbhannaí airgid ar eintitis faoi oibleagáid i gcás sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha, cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a dhéantar iad, ar na ceanglais a leagtar síos sna forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2024/1624:
|
(a)
|
Caibidil II (Beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha na n-eintiteas faoi oibleagáid);
|
|
(b)
|
Caibidil III (Dícheall cuí do chustaiméirí);
|
|
(c)
|
Caibidil V (Oibleagáidí tuairiscithe);
|
|
(d)
|
Airteagal 77 (Taifead a choimeád).
|
Áiritheoidh na Ballstáit freisin gur féidir smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcás nár chomhlíon eintitis faoi oibleagáid bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm orthu de bhun Airteagal 56 den Treoir seo nó i gcás sáruithe nach bhfuil tromchúiseach, leantach nó córasach.
|
|
Airteagal 55 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na cásanna dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, gurb é a bheidh sna smachtbhannaí uasta airgid is féidir a fhorchur luach dhá oiread ar a laghad mhéid an tsochair a fuarthas ón sárú, i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, nó EUR 1 000 000 ar a laghad, cibé acu is airde.
I gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, is é an luach dá dtagraítear sa chéad fhomhír an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024.
|
|
Airteagal 55 3
|
3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás gur institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais an t-eintiteas faoi oibleagáid lena mbaineann, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na smachtbhannaí airgid seo a leanas a fhorchur freisin:
|
(a)
|
i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid ar luach EUR 10 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024, nó 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde; i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta máthairghnóthais an t-eintiteas faoi oibleagáid a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim i gcomhréir leis an gcóras cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh;
|
|
(b)
|
i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí airgid uasta ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024.
|
|
|
Airteagal 55 4
|
4. Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla smachtbhannaí airgid a fhorchur ar mó iad ná na méideanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
|
|
Airteagal 55 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit, agus méid an smachtbhanna airgid á chinneadh, go gcuirfear cumas an eintitis faoi oibleagáid an smachtbhanna a íoc san áireamh agus, i gcás ina bhféadfadh an smachtbhanna airgid difear a dhéanamh do chomhlíonadh na rialála stuamachta, go rachaidh maoirseoirí i gcomhairle leis na húdaráis atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh go bhfuil gníomhartha dlí ábhartha an Aontais á gcomhlíonadh ag na heintitis faoi oibleagáid.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|