1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforchuirfear smachtbhannaí airgid ar eintitis faoi oibleagáid i gcás sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha, cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a dhéantar iad, ar na ceanglais a leagtar síos sna forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2024/1624:
|
(a)
|
Caibidil II (Beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha na n-eintiteas faoi oibleagáid);
|
|
(b)
|
Caibidil III (Dícheall cuí do chustaiméirí);
|
|
(c)
|
Caibidil V (Oibleagáidí tuairiscithe);
|
|
(d)
|
Airteagal 77 (Taifead a choimeád).
|
Áiritheoidh na Ballstáit freisin gur féidir smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcás nár chomhlíon eintitis faoi oibleagáid bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm orthu de bhun Airteagal 56 den Treoir seo nó i gcás sáruithe nach bhfuil tromchúiseach, leantach nó córasach.