2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh an maoirseoir na cinntí dá dtagraítear i mír 1 díreach tar éis do na daoine atá freagrach as an sárú a chur ar an eolas faoi na cinntí sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbaineann an foilsiú le bearta riaracháin a bhfuil achomharc á dhéanamh ina gcoinne agus nach bhfuil sé d’aidhm acu sáruithe tromchúiseacha, leantacha, córasacha a leigheas, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’fhoilsiú na mbeart riaracháin sin a chur siar go dtí go rachaidh an sprioc-am chun achomharc a thaisceadh in éag.
I gcás ina dtagraíonn an foilsiú do chinntí a bhfuil achomharc á dhéanamh ina gcoinne, déanfaidh na maoirseoirí an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin faoi thoradh an achomhairc sin a fhoilsiú, láithreach, ar a suíomh gréasáin. Foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh a rinneadh roimhe sin chun smachtbhanna airgid a fhorchur, beart riaracháin a chur i bhfeidhm nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur.