3. Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt maidir le faisnéis áirithe faoin maoirseacht a dhéantar ar eintitis faoi oibleagáid maidir le comhlíonadh Rialacháin (AE) 2024/1624 a nochtadh do choistí fiosrúcháin parlaiminteacha, do chúirteanna iniúchóirí agus d’eintitis eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin ina mBallstát, faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
go bhfuil sainordú beacht faoin dlí náisiúnta ag na heintitis chun imscrúdú nó grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí maoirseoirí nó údarás atá freagrach as dlíthe maidir leis an maoirseacht sin;
|
|
(b)
|
go bhfuil géarghá leis an bhfaisnéis chun an sainordú dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhlíonadh;
|
|
(c)
|
go bhfuil na daoine a mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla faoin dlí náisiúnta atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1;
|
|
(d)
|
i gcás ina dtionscnaítear an fhaisnéis i mBallstát eile, nach ndéanfar í a nochtadh gan toiliú sainráite an mhaoirseora a nocht í agus chun na gcríoch dár thug an maoirseoir sin a thoiliú agus chun na gcríoch sin amháin.
|
Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt freisin faisnéis a nochtadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo do choistí sealadacha fiosrúcháin arna mbunú ag Parlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 226 CFAE agus le hAirteagal 2 de Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (47), i gcás inar gá an nochtadh sin chun gníomhaíochtaí na gcoistí sin a fheidhmiú.