+Airteagal 10 1
|
Airteagal 10 1
1. Cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá ag rannchuidiú go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go substaintiúil le cobhsú na dtiúchan gás ceaptha teasa san atmaisféar ar leibhéal a chuireann cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach leis an gcóras aeráide atá comhréireach le sprioc fadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint nó a laghdú nó trí méadú a dhéanamh ar bhaint gás ceaptha teasa, lena n-áirítear trí nuálaíocht phróisis nó nuálaíocht táirge, trí:
|
(a)
|
fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint, a tharchur, a stóráil nó a dháileadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear trí leas a bhaint as teicneolaíocht nuálach lena bhféadfaí coigilteas suntasach a dhéanamh sa todhchaí dá barr nó trí atreisiú riachtanach nó leathnú na greille;
|
|
(b)
|
éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú seachas i gcás na ngníomhaíochtaí giniúna cumhachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(3);
|
|
(c)
|
cur le soghluaisteacht ghlan nó soghluaisteacht atá aeráid-neodrach;
|
|
(d)
|
aistriú chuig úsáid a bhaint as ábhair in-athnuaite a foinsíodh ar bhealach inbhuanaithe;
|
|
(e)
|
cur leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí i dtaca le gabháil agus úsáid carbóin (CCU) agus gabháil agus stóráil carbóin (CCS) atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de agus a chruthaíonn glanlaghdú in astaíochtaí gás ceaptha teasa;
|
|
(f)
|
linnte carbóin talún a neartú, lena n-áirítear trí dhífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a sheachaint, foraoisí a athchóiriú, talamh curaíochta, féarthailte agus bogaigh a bhainistiú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe, trí fhoraoisiú, agus trí thalmhaíocht athghiniúnach;
|
|
(g)
|
bonneagar fuinnimh is gá a bhunú chun dícharbónú a dhéanamh ar chórais fuinnimh;
|
|
(h)
|
breoslaí glana, éifeachtúla a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó fhoinsí atá neodrach ó thaobh carbóin de; nó
|
|
(i)
|
aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (a) go (h) den mhír seo a chumasú de réir Airteagal 16.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|