+CAIBIDIL X FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
---+Airteagal 30 Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú
------+Airteagal 30 1.
------+Airteagal 30 2.
------+Airteagal 30 3.
------+Airteagal 30 4.
------+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 31 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 31 1.
------+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 32 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
---+Airteagal 32a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
------+Airteagal 32a 1.
------+Airteagal 32a 2.
------+Airteagal 32a 3.
------+Airteagal 32a 4.
------+Airteagal 32a 5.
------+Airteagal 32a 6.
------+Airteagal 32a 7.
---+Airteagal 33 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
------+Airteagal 33 1.
------+Airteagal 33 2.

CAIBIDIL X FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL X FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú
Airteagal 31 Nós imeachta coiste
Airteagal 32 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Airteagal 32

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

“(7) 

ciallaíonn ‘díorthach TAC’ nó ‘conradh díorthach TAC’ conradh díorthach nach ndéantar a fhorghníomhú ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14), de Threoir 2004/39/CE ná ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 2a den Rialachán seo;”.

(2) 

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 2a

Cinntí coibhéise chun díorthaigh TAC a shainmhíniú

1.  
Chun críocha Airteagal 2(7) den Rialachán seo, measfar margadh tríú tír a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14) de Threoir 2004/39/CE i gcás ina gcomhlíonann sé ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III den Treoir sin agus ina mbeidh sé faoi réir maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach, de réir mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
2.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear go bhfuil ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2004/39/CE á gcomhlíonadh ag margadh tríú tír agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach chun críocha mhír 1.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2) den Rialachán seo.

3.  
Foilseoidh an Coimisiún agus ÚEUM, ar a láithreán gréasáin, liosta de na margaí sin a meastar iad a bheith coibhéiseach i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta go tréimhsiúil.”.
(3) 

In Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  

Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach ar fáil do na heintitis seo a leanas chun a chur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh:

(a) 

ÚEUM;

(b) 

ÚBE;

(c) 

ÚEÁPC;

(d) 

BERS;

(e) 

an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha a fhaigheann rochtain ar na stórtha trádála;

(f) 

an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála na gconarthaí tuairiscithe;

(g) 

comhaltaí ábhartha CEBC, lena n-áirítear BCE agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( *1 ) á gcomhlíonadh aige;

(h) 

na húdaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 75;

(i) 

údaráis mhaoirseachta arna sainiú faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 );

(j) 

urrúis ábhartha de chuid an Aontais agus údaráis ábhartha margaidh a gcumhdaíonn a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach conarthaí, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní foluiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(k) 

na húdaráis ábhartha de chuid tríú tíre a rinne comhaontú comhair le hÚEUM, amhail dá dtagraítear in Airteagal 76;

(l) 

an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 );

(m) 

na húdaráis réitigh arna sainiú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 );

(n) 

an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(o) 

údaráis inniúla nó údaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Threoracha 2003/41/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE agus 2014/65/AE, agus údaráis mhaoirseachta de réir bhrí Threoir 2009/138/CE;

(p) 

na húdaráis inniúla arna sainiú i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán seo.

Airteagal 32a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Airteagal 33 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.