+Airteagal 29 CMAnna a luacháil
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
|
Airteagal 29 CMAnna a luacháil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Déanfar sócmhainní CMA a luacháil ar bhonn laethúil ar a laghad.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Aon uair is féidir é, úsáidfear marcáil de réir an mhargaidh chun sócmhainní CMA a luacháil.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Agus marcáil de réir an mhargaidh á úsáid:
(a)
déanfar sócmhainn CMA a luacháil agus an taobh is stuama de thairiscint agus atairiscint ina bhonn léi ach amháin más féidir an tsócmhainn a ghlanadh ar mheánmhargadh;
(b)
ní úsáidfear ach sonraí margaidh d'ardcháilíocht; déanfar sonraí den sórt sin a mheasúnú ar bhonn gach ceann de na tosca seo a leanas:
(i)
líon agus cáilíocht na gcontrapháirtithe;
(ii)
méid agus láimhdeachas shócmhainn an CMA sa mhargadh;
(iii)
méid na heisiúna agus an sciar den eisiúint atá beartaithe ag an CMA a cheannach nó a dhíol.
|
|
Airteagal 29 4.
|
I gcás nach féidir marcáil de réir an mhargaidh a úsáid nó nach leor cáilíocht na sonraí margaidh, déanfar sócmhainn CMA a luacháil go coimeádach trí mharcáil de réir samhla a úsáid. Déanfaidh an tsamhail luach intreach sócmhainne CMA a mheas go cruinn, bunaithe ar gach ceann de na príomhthosca cothrom le dáta seo a leanas:
(a)
méid agus láimhdeachas na sócmhainne sin sa mhargadh;
(b)
méid na heisiúna agus an sciar den eisiúint atá beartaithe ag an CMA a cheannach nó a dhíol;
(c)
an riosca margaidh, an riosca ráta úis agus an riosca creidmheasa a bhaineann leis an tsócmhainn.
I gcás ina n-úsáidfear marcáil de réir samhla, ní úsáidfear modh an chostais amúchta.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Cuirfear luacháil arna déanamh i gcomhréir le míreanna 2, 3, 4, 6 agus 7 in iúl do na húdaráis inniúla.
|
|
Airteagal 29 6.
|
In ainneoin mhír 2, mhír 3 agus mhír 4, féadfar sócmhainní CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a luacháil le modh an chostais amúchta freisin.
|
|
Airteagal 29 7.
|
De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 4, agus sa bhreis ar an marcáil de réir an mhargaidh dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 agus ar an marcáil de réir samhla dá dtagraítear i mír 4, féadfar sócmhainní CMAnna de chineál LVNAV, ar sócmhainní iad a bhfuil aibíocht iarmhair nach faide ná 75 lá acu, a luacháil trí mhodh an chostais amúchta a úsáid. Ní úsáidfear modh an chostais amúchta chun sócmhainn CMA de chineál LVNAV a luacháil ach amháin i gcás nach mó ná 10 mbonnphointe an difríocht idir praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4 agus praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo. I gcás difríocht den sórt sin, ríomhfar praghas na sócmhainne sin i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|